Leathanach GoFundMe bunaithe ar son Ciste Dumach na Leanbh

0
987
Ciste Dumhach na Leanbh

Tá leathanach GoFundMe bunaithe ar son Ciste Dumhach na Leanbh eagraithe ag Róisín Ní Thuairisg agus iad ag lorg bhur cabhair.

Tá sé beartaithe ag Cumann Forbartha Chois Fharraige athchóiriú agus cothabháoil a dhéanamh ar an sean reilig, ar a dtugtar Dumhach na Leanbh ar an dTeach Mór, Indreabhán, Co. na Gaillimhe.

Tá fo-choiste bunaithe chun tabhairt faoin tionscadail seo atá ag obair faoi scáth Cumann Forbartha Chois Fharraige agus táthar ag iarraidh airgead a bhailiú chun feabhas a chuir leis an sean reilig.

Tá Dumhach na Leanbh suite thíos ar an gcladach ar Bhaile an Tí Mhóir, Indreabhán. Sean reilig atá ann ina gcuirtí páistí, cé go bhfuil roinnt daoine fásta curtha ann freisin.

I 1984 cuireadh cros in airde ar an suíomh in onóir na ndaoine ar fad atá curtha ann ach théis na blianta atá imithe uainn agus an aimsir a bhí againn, tá an suíomh i ndroch staid faoi láthair, de bharr creimeadh cósta agus gaineamh séidte.

Tá gá le athchóiriú agus cothabháil a dhéanamh air anois chun an suíomh a chaomhnú, agus eolas faoi a chur ar fáil don phobal ar an láthair.

Tá feachtas bailithe airgid ar bun ag an bhfochoiste faoi láthair. Meastar go gcosnóidh an tionscadail thart ar €10,000 ar fad, idir ábhar, innealra ar chíos, leac a fháil déanta agus suíochán a chur ann.

I measc an phobail sa gceantair go dtí seo tá beagnach €5,000 bailithe, ach tá €5,000 eile ag teastáil.

Tá an Coiste ag lorg bhur cabhair anois chun an €5,000 eile a bhailiú agus beidís fíor bhuíoch dá mbeadh ar do chumas síntiús a thabhairt don tionscadail tábhachtach seo. Beidh fáilte roimh síntiús ar bith a bheadh ar do chumas a thabhairt.

Is é €5 iarmhéid Go Fund Me.

Seo a leanas an nasc d’éinne gur mian leo sintiús a thabhairt don tionscadail fíor thábhactach seo.

Tá an coiste fíorbhuíoch do chuile duine a bheas in ann cabhair a thabhairt.