Léacht Rathúil ag an Dr Francesca La Morgia inné

0
1006
Francesca La Morgia

Ag teacht ó fad is i gcéin bhí lá iontach acu siúd a d’fhreastal ar an Léacht a thug an Dr Francesca La Morgia inné.

Thug an Dr Francesca La Morgia léacht i Leabharlann Westside, tráthnóna inné áit a raibh sí ag caint faoi tógaint clainne dátheangach agus í ag freagairt ceisteanna a bhaineann le sin.

Labhair Julie Anne De Brún, faoin áthas a bhí orthu maidir leis an léacht den scoth a bhí acu tráthnóna inné.

Is duine de coiste Máthair Teangacha(MotherTongues) í Julie Anne agus beidh sí ag tabhairt cabhair leis an bhFéile MotherTongues/Ílteangacha Gaillimh 2019 a eagrú.

Bíonn Julie Anne ag scaipeadh an t-eolas maidir le cursaí oideachas, ceol agus Gaeilge agus is múinteoir bunscoile í freisin.

“Bhí thart ar 50 tuistí is páistí ann as tíre ar fud na cruinne. Bhí an suim acu as an méid a bhí a rá ag Dr Francesca ó thaobh dhá theangas is íltheangas,” a dúirt Julie Anne De Brún.

“Tháinig daoine ón Údarás na Gaeltachta is Tuismitheoirí na Gaeltachta freisin. Tháinig slua deas ó Conradh na Gaeilge agus Gaeilge Mhaigh Cuilinn freisin.

“Labhair fear ón gcoiste don scoil nua dara ET a fháil agus é ag lorg go mbeadh daoine ag vótáil ar son na Gaeilge. Is pátrún a bheith mar sraith Educate Together”

Is ar an 31ú Iúil an deis dheireanach do vóta a chaitheamh don “Scoil Educate Together”a bheas á tógáil in Óran Móir nó sa Cathair agus táthar ag iarraidh go n-úsáidfidh chuile tuismitheoir a vóta. Is féidir an t-eolas ar fad maidir leis an Scoil Educate Together a fháil anseo.

Is léir ón tráthnóna a bhí acu i Leabharlann Westside go bhfuil ana chuid suim ag daoine ó tíortha eile an méid gur féidir leo a dhéanamh ó thaobh an dteanga nádúrtha a choiméad beo sa mbaile.

“Uaireanta bíonn na fadhbanna céanna ag chuile tuistí ar fud na cruinne a dteanga féin a chur chun cinn sa teaghlach”, a dúirt an Dr Francesca ó thaobh dhá theanga.

Chuir sí deireadh leis an léacht le cheisteanna ó na tuistí agus éinne eile a bhí ann maidir leis an dhá theangas. Bhí an slua an dóchasach ag deireadh an léacht agus seisiún ceoil ílteangach curtha ar siúl dos na páistí is tuistí.

“Bhain siad go léir sult is tairbhe as an gceol is na himeachtaí ealaíne a bhí ar siúl i rith an léacht,” a dúirt Julie Anne De Brún.

Léacht rathúil a bhí ann inné agus tá sé théis an cosán a oscailt don Féile MotherTongues/Ílteangacha Gaillimh a bheas ar siúl i 2019.

Is féidir na pictúirí ón lá a fheiscint anseo. Buíochas le Julie Anne De Brún duine de choiste MotherTongues as ucht na pictúirí a chur chughainn.