Léacht Poiblí le Bob Quinn – Scannánaigh Clúiteach

0
632

Beidh léacht poiblí ar siúl maidin amárach leis an scannánaigh clúiteach Bob Quinn ins an Spidéal. Beidh Bob ag plé a chleachtas ceannródach, an ceangail cultúrtha idir teanga agus chomhshaol agus go leor eile.

Is ag a 11.30r.n. san Ionad Marsh, taobh thiar den Cheardlann ar an Spidéal a bhéas an léacht ar siúl amárach an 4ú lá de Mí Aibreán agus tá an-áthas ar an ghrúpa Cúl an Tí fáilte a chuir le Bob Quinn teacht go dtí an Spideál.

Is eagraíocht neamhbhrabúis iad Cúl an Tí leis an príomh aidhm atá acu ná Físealaíona Comhaimseartha a chur chun cinn i gceantar Chois Fharraige.

Rugadh Bob Quinn i mBaile Átha Cliath agus is scannánóir neamhspléach é. Thosaigh a ghairm mar scannánóir taréis réimse leathann postanna a bheith aige, múinteoireacht agus ionadaí tráchtála san áireamh mar aon le tréimhse in RTE.

I 1975 dhein sé Lament do Art Ó Laoighre agus go gairid ina dhiadh sin lean sé leis ag bhunú a clú le Poitín(1978) agus an ilchuid Atlantean(1984), a taisceálann an chaidreamh idir an domhain Gaelach agus Arabach.

Budwanny cheann dá gcuid scannán a fhaigheann na moltaí is mó agus b’shin é an scannán a dhein sé i 1987 le cabhair an Bórd Scannánaíochta Éire.

Bhunaigh Bob Quinn i gcomhar le Seosamh Ó Cuaig agus Toni Cristofides an comhlacht teilifíse agus físeán Cinegael i 1973 agus é le bheith dírithe ar an Gaeltacht i gConamara. Fós sa lá atá inniu ann feiceann Quinn Conamara in Iarthar na hÉireann, an gráinne don gainnimh, a chuimsíonn agus soilsíonn an domhain.

An príomh aidhm a bhí le Cinegael ná aitheantas an mionlach teanga a bhí faoi bhagairt a athreisiú.

Beidh an fear é féin ag tabhairt a chuid tuairimí agus eolas féin amárach óna 11.30r.n ar aghaidh agus is imeacht saor in aisce atá ann dóibh siúd le suim sa scannánóir clúiteach agus an Ghaeilge.

Is féidir tuilleadh eolas a fháil ó Nuala ag 0872270006