Laghdú de 100 Tigh Tabhairne sa Gaillimh le 13 bliain anuas

0
1057
Galway Daily news Pub staff member assaulted for not letting drunk patron in

Tá laghdú de nach mór 100 tigh tabhairne sa Gaillimh ná mar a bhí i 2005 de réir an Grúpa Tionscail Deochanna Éireann.

De réir na figiúirí a d’fhoilsigh an Grúpa Tionscail Deochanna Éireann, i 2005 bhí 571 tigh tabhairne mórthimpeall Cathair na Gaillimhe agus i Contae an Gaillimh ach thit an figúir sin go mór agus i 2017 bhí laghdú 17% le 477 tigh tabhairne sa Gaillimh.

De réir an t-eolas a foilsíodh, tá chuile contae in Éireann le níos lú tithe tabhairne iontu ná mar a bhí i 2005, cé go bhfuil an caillteanas le braith níos mó i contaetha áirithe.

Is i Corcaigh a raibh an titim is mó do tithe tabhairne agus b’shin í an Contae a raibh an méid is mó tithe tabhairne ann. Anuraidh bhí 915 tithe tabhairne i Corcaigh, laghdú é sin de 25% ó 1,221 i 2005.

Is grúpa ionadaíoch í an Grúpa Tionscail Deochanna Éireann, don tionscail níos leithne de deochanna agus fáilteachais in Éirinn.

Cuimsíonn sé an déantúsaíocht, an dáileadh agus an miondíol alcóil le comhaltaí, lena n-áirítear Cónaidhm Díola Alcóil na hÉireann, Cumann Vintners Ceadúnaithe, Cónaidhm Bialanna na hÉireann, Cónaidhm Óstán na hÉireann, agus an Cumann Náisiúnta Eas-Cheadúnais.

Is mór-earnáil eacnamaíochta í deochanna agus fáilteachais i nGaillimh de réir tuarascála an Grúpa Tionscail Deochanna Éireann, ag fostú thart ar 11,800 duine.

Cé go bhfuil sé le feiscint go bhfuil tithe tabhairne ag fulaingt tá réimsí eile de thionscal an alcóil ag fás go láidir sa tréimhse chéanna.

Tháinig méadú beagnach 12% ar líon na eischeadúnais ó 2,966 i 2005 go 3,331 anuraidh, cé gur tháinig méadú 3% ar líon na tithe tabhairne agus na mbialanna ceadúnaithe a fónamh ach ar fíon amháin.