Lá Oidhreachta 2018 ar siúl ag Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh

0
834
Lá Oidhreachta ag Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh - Galway Daily

Beidh Lá Oidhreachta 2018 ar siúl i gConamara go luath.

Ar an 26ú Lúnasa beidh saor chead isteach go dtí Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh, Conamara agus Teach an Phiarsaigh mar céiliúradh ar Lá Oidhreachta 2018.

Is ionad cuairteoirí nua, í Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh atá lonnaithe i Ros Muc i gcroílár Ghaeltacht Chonamara, ina n-insítear scéal Phádraig Mhic Phiarais, agus inar féidir le cuairteoirí eolas agus aithne a chur ar theanga, cultúr agus tírdhreach an cheantair fhíorálainn i ndeisceart Chonamara.

Agus tú ann is féidir cuairt a thabhairt ar Theach an Phiarsaigh, an teachín ina mbíodh an samhradh á caitheamh ag Pádraig Mac Piarais, scríobhneoir, oideoir agus ceannaire Éirí Amach 1916, agus lean scéal a oidhreachta.

Tá taispeántas idirghníomhach san ionad cuairteoirí nua ina gcuirtear brí agus anam sa tírdhreach, sa teanga agus sa chultúr ar leith atá i ndeisceart Chonamara, nithe a spreag obair an Phiarsaigh.

Is féidir foghlaim faoi shaol an lae inniu i gConamara, agus faoi mar atá an Ghaeilge, na cluichí Gaelacha agus an ceol traidisiúnta ina gcuid den saol laethúil.

Tá siúlóid lúibe trasna an phortaigh ón ionad cuairteoirí chuig Teach an Phiarsaigh.

Bíonn an Ionad Cultúrtha ar oscailt óna 9.45r.n – 6i.n ó Lár mhí an Mhárta go dtí Deireadh mhí Dheireadh Fomhair agus ansin ó Mí na Samhna go dtí lár mhí an Mhárta osclaíonn sé óna 9.45r.n – 4i.n

I gcomhair áirithintí grúpa nó turais scoile féidir glaoch a chuir ar 09-574292 nó ríomphost a sheoladh chuig icpconamara@opw.ie.

Mar céiliúradh ar Lá Oidhreachta 2018 beidh cead saor isteach san Ionad Cultútha ar an Domhnach an 26ú Lúnasa.