Lá na Gaeilge i gComhairle Chontae na Gaillimhe

0
983

Beidh Lá na Gaeilge ar siúl i gComhairle Chontae na Gaillimhe inniu, Déardaoin an 15ú lá de Mí an Mhárta mar céiliúradh ar Seachtain na Gaeilge.

Táimid ag druidim chun deireadh an coicís a bhí ann le Seachtain na Gaeilge agus tá muintir na Gaillimhe fós lán do spiorad agus spraoi ag leathnú an grá don teanga.

Níl an teanga marbh fós agus í go mór mhór ina beocht beathaigh sa Ghaillimh.

Cuireann an Comhairle Chontae na Gaillimhe fáilte chroíuil libh freastal ar Lá na Gaeilge a bhéas á reachtáil acu inniu idir 12 méanlae agus 3i.n. in Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh.

Beidh ceolchoirm gearr ar siúl acu do daltaí óga thart ar 1i.n. agus beidh damhsóirí le feiscint freisin mar chuid den chéiliúradh.

Beidh Cathaoirleach Chontae na Gaillimh, an Comh. Eileen Mannion i láthair ar an lá inniu don ocáid seo.

Beidh taispéantais d’ábhair Ghaeilge ó rannóga éagsúla sa Chomhairle mar aon le taispéantais ó dhaoine aonair/ghrúpaí éagsúla pobail freisin.

Níl costas ar bith isteach agus lá iontach atá i gceist le fáilte roimh cách.