Slua mór tuartha le freastal ar Lá Dearg na Mac Léinn

0
1042
Lá Dearg na Mic Léinn

Tá slua mór tuartha le freastal ar Lá Dearg na Mac Léinn a bheas ar siúl i gCathair na Gaillimhe ar an Satharn an 21ú lá de Mí Aibreán.

Coiste Lá Dearg na Mac Léinn, in éineacht leis an Dream Dearg agus Comhaltas na Mac Léinn Ollscoile na hÉireann atá ag reachtáil an Lá Dearg i gCathair na Gaillimhe.

Reachtáilfear an lá seo chun an fearg atá orthu i dtaobh easpa deiseanna do chéimithe Gaeilge agus daonra óg na Gaeltachtaí a léiriú.

Beidh muid ag caitheamh dearg agus ag siúl ar son tuilleadh cearta agus deiseanna. Dár linne nach bhfuil go leor deiseanna ann dúinn ar fágáil na hollscoile. Fógraíodh i 2016 nach raibh ach 15 post sa státseirbhís as bhreis agus 18,775 ina raibh líofacht sa Ghaeilge a dhíth, figúir scanrúil. Ar a bharr sin, d’fhógair Tuairisc.IE nach bhfuil oiread agus post amháin sainaitheanta leis an Ghaeilge mar riachtanais dó, an Roinn Oideachas ina measc. Anois i mBliain na Gaeilge, tá muidne ag éileamh tuilleadh deiseanna chun oibriú inár dteanga fhéin, ag éileamh tuilleadh infheistíochta do mhuintir na Gaeltachta i ndiaidh dúinn an Plean 20 bliana a léamh. Thar gach ní eile tá muid mar Ghaeil óga agus mar thodhchaí na tíre seo ag éileamh Saol Trí Ghaeilge. Is céiliúradh a bheas ann fosta ar dhaoine óga na tíre seo atá ag coinneáil ár dteanga beo.

Ins an choláiste, Ollscoil na hÉireann Gaillimh, atá an slua le bualadh ag a 2i.n. agus ansin beidh siad ag imeacht isteach i dtreo na cathrach ag thart ar a 2.30i.n.

Tósnóidh an siúlóid ó Chearnóg na hOllscoile agus rachaidh sé isteach chomh fada leis an Fhaiche Mhór. Táthar ag súil leis an oiread daoine agus is féidir ó cheann ceann na tíre agus ansin san óiche beidh oíche mhór ar siúl in Áras na Gaeilge ar shráid Doiminic.
https://www.facebook.com/conall.ocorra/videos/10215985413413905/?active_tab=discussion&__xts__[0]=33.%7B%22logging_data%22%3A%7B%22profile_id%22%3A%22153556268641902%22%2C%22event_type%22%3A%22clicked_view_event_posts%22%2C%22impression_info%22%3A%22eyJmIjp7Iml0ZW1fY291bnQiOiIwIn19%22%2C%22surface%22%3A%22www_events_permalink%22%2C%22interacted_story_type%22%3A%22236412393365972%22%2C%22session_id%22%3A%2280f6916cf8a52ae9ee2f48e2a9b53c8b%22%7D%7D

 

Bhí Cónall ó Corra duine de eagrathóirí Lá Dearg na Mac Léinn ag caint faoin imeacht agus seo mar a dúirt sé,

“Is éard a bheas i gceist go díreach ná mórshiúil atá á reáchtáil ag daoine óga ar mhaithe le daoine óga, is sin le rá go mbeidh muid ag siúl ar mhaithe le tuilleadh deiseanna do dhaoine óga i bhfóirm fostaíochta.

Tá muidine ag éileamh plean níos cuimsithí ar mhaithe le na Gaeltachtaí. Tá sé feicthe againn ónár gcomhgleacaithe ar an ollscoil árb as an Ghaeltacht dóibh go bhfuil géarchéim iontu i dtaobh imirce agus easpa deiseanna de.

Mar sin féin is daoine óga ag siúl ar mhaithe leo féin a bheas ag tarlú ar an lá.”

Is baill den Dream Dearg iad Cónall Ó Corra agus iad siúd atá taobh thiar den mórshiúil seo.  Thógadar ionsporáid ón Lá Dearg i mBéal Feirste agus mhúnlaigh siad an rud chun a gcuid aidhmeanna a chuir chun cinn.

Is cuid den Dream Dearg gach duine a chreideann i gcothromas, cearta agus cóir.

Cé go bhfuil na mic léinn ar fad faoi bhrú leis na scrúdaithe nach mór anseo tá Cónall féin le bheith ag freastal ar BEO an tseachtain seo chughainn i mBaile Átha Cliath agus ansin beidh sé réidh don Lá Dearg an tseachtain ina dhiaidh.

Bhí BEO churtha ar ceal i Mí an Mhárta de bharr na h-aimsire ach dar le tuairiscí ó Cónall, ní bheidh aon bac ag an aimsir ar Lá Dearg na Mic Léinn agus na scoláirí ar fad réidh don lá.

“Ón lá gur thuirling mise i nGaillimh ó Bhéal Feirste, níor stad sé de bheith ag cur fearthainne, tá muid breá cleachtaithe leis anois.”

Bígí ann ar an 21ú lá de Mí Aibreán mar aon leis na daoine seo a leanas, chun bhur tacaíocht a thabhairt leis an feachtas seo agus bígí Dearg le Fearg ar son a chéile mar is ar scáth a chéile a mhairimid.

https://www.facebook.com/conall.ocorra/videos/10215995167257745/?active_tab=discussion&__xts__[0]=33.%7B%22logging_data%22%3A%7B%22profile_id%22%3A%22153556268641902%22%2C%22event_type%22%3A%22clicked_view_event_posts%22%2C%22impression_info%22%3A%22eyJmIjp7Iml0ZW1fY291bnQiOiIwIn19%22%2C%22surface%22%3A%22www_events_permalink%22%2C%22interacted_story_type%22%3A%22236412393365972%22%2C%22session_id%22%3A%2280f6916cf8a52ae9ee2f48e2a9b53c8b%22%7D%7D 

https://www.facebook.com/conall.ocorra/videos/10216005610078809/?acontext=%7B%22ref%22%3A3%2C%22action_history%22%3A%22null%22%7D&fref=nf

https://www.facebook.com/conall.ocorra/videos/10216013646439713/?acontext=%7B%22ref%22%3A3%2C%22action_history%22%3A%22null%22%7D&fref=nf