Lá amháin fágtha chun do dhráma Gaeilge a chur chuig an Taibhdhearc

0
831
Neart ar siúl sa Taibhdhearc i rith na bliana - Galway Daily

Is é amárach an lá dheireanach a bheas an Taibhdhearc ag glacadh le iarrataisí ar dhrámaí Gaeilge.

Tá an Taibhdhearc ar an bhfód le 90 mbliain anois agus iad ag dul ó neart go neart. Is í an misean a raibh acu siúd a bhunaigh an Taibhdhearc 90 mbliain ó shin ná Ionaid náisiúnta gairmiúil a chur ar fáil chun léirithe Gaeilge a stáitsiú agus a phoibliú sa Taibhdhearc agus ar fud na tíre.

Áis a bheadh ann chun tacú le hoiliúint agus nuálaíocht le lucht féachana; agus lucht úr gairme amharclainne, a oibríonn trí mheán na Gaeilge, a chothú.

Táthar ar thóir scripteanna nua Gaeilge agus cuirfear fáilte ar leith roimh iarratais ó bhanscríbhneoirí, ach amárach an 21ú Meán Fómhair an lá dheireanach a glacfar leis na hiarrataisí.

Déanfaidh painéal de gníomhairí amharclannaíochta measúnú ar na hiarratais agus beifear ag súil le sciar acu a roghnú lena fhorbairt mar scripteanna críochnúil i bpáirt le eagarthóir scripte.

Beidh suas le €5,000 a thairiscint le hiarratas a fhorbairt chun go mbeidh sé ar chaighdeán inléirithe.

Mar chuid de gach iarratas is mithid go mbeadh –
– Uaillmhian agus téama an dráma.
– Imlíne an dráma.
– Bíobla de charachtair ón dráma.

Is féidir iad a sheoladh chuig; An Coiste Ealaíona, An Taibhdhearc, 19 An tSráid Láir, Gaillimh.