Caithfear an t-uisce a chaomhnú sa Ghaillimh – a deireann Irish Water

0
907
Galway Daily news Latest EPA report shows one Galway public water supply deemed

Tá an éileamh ar uisce mórthimpeall na Gaillimhe ag árdú de bharr an tonn teasa atá againn faoi láthair agus dá bharr tá Irish Water ag breathnú ar staid an uisce.

Tá Irish Water atá ag obair i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae na Gaillimhe ag faire ar an staid leis an t-uisce faoi láthair de bharr go bhfuil éileamh níos mó ar an uisce agus muid i lár tonn teasa.

Seo mar a sheasann staid an uisce mórthimpeall na Ghaillimhe faoi láthair:

Oileán Árainn:

Beidh teorannú á cuir i bhfeidhm ar Inis Mór ó 10i.n. go dtí 7r.n. ag tosú Dé Luan an 2ú Iúil. Beifear á dhéanamh seo chun an t-uisce a chaomhnú sna tascumair amh.

Tá úsáid an t-uisce ar an oileán théis árdú le 40% sa seachtain atá díreach théis imeacht agus is cúis imní é leibhéil na tascumair fé láthair.

Tá úsáid an t-uisce ar Inis Oírr agus Inis Meáin théis ardú le 30% le deich lá anuas agus tá Irish Water ag tabhairt moladh do na custaiméirí an t-uisce a chaomhnú ar na hOileán Árainn ar fad. Beidh teorannú ar Inis Oírr chuile oíche ó 11i.n go 7r.n.

Iarthar na Gaillimhe

Beidh an teorannú atá in áit ag an Gléasra Cóireála Uisce Baile Uí Chonaíle ag fanacht ann ar feadh tamaillín de bharr go bhfuil an éileamh ar an scéim seo ag sárú an soláthair.

Tá an éileamh i Tír na Fhia/Leitir Mór théis árdú go mór mór agus tá éartha seirbhíse in áiteanna.

Gaillimh Theas

De bharr méadú ollmhór théis teacht ar éileamh níl an soláthar go dtí an Túr Uisce i Droichead an Chláirín dóthanach chun buaileadh leis an éileamh agus impítear ar custaiméirí i Droichead an Chláirín, Cill Cholgáin, Roveagh, Baile an Doirín agus an Scéim Grúpa Uisce Tír Eoghain an t-uisce a chaomhnú.

Cathair na Gaillimhe:

De bharr éileamh ollmhór in áiteanna a tugtar soláthar ón tascumair Tonabrocky, níl aon rogha ag Irish Water ach soláthar uisce istoíche a teorannú idir 11i.n agus 7.i.n.

Impíonn Irish Water ar chuile duine agus an pobal ginerálta sa Ghaillimh an t-uisce a chaomhnú agus an tonn teasa fós againn. Meastar go leanfaidh an teas, an ghrian, an teocht agus an tonn teasa seo ar aghaidh ar feadh seachtain eile ar a laghad.