Gaillimh v’s Baile Átha Cliath – cé a bheas an mbua acu?

0
1098
Gaillimh V Baile Átha Cliath - Galway Daily

Tabhairfidh fir na Gaillimhe aghaidh ar Baile Átha Cliath sa Cluiche Leath Ceannais Craobh Caide na hÉireann amárach.

Théis an cailliúnt a bhí ag an Gaillimh sa mbaile i Staid an Phiarsaigh i gcoinne Muineachán an tseachtain seo chaite sa cluiche dheireanach do na sár-ochtar beifear ag súil le cluiche níos fearr uathu.

D’fhág an toradh sin,ag cailliúnt an cluiche, go mbeadh ar Gaillimh aghaidh a thabhairt ar mBaile Átha Cliath sa Cluiche Leath Ceannais Craobh na hÉireann an tseachtain seo agus iad ag súil leis an mbua a fháil orthu.

Is i 1983 an uair dheireanach a bhuail an dá fhoireann ar a chéile sa Craobh agus bhí an bua ag Baile Átha Cliath an uair sin le dhá cúilín. Sé an scór dheireanach a bhí sa cluiche i 1983 ná Gaillimh 1-08   Baile Átha Cliath 1-10.

Beidh leaids na Gaillimhe ag súil nach an toradh céanna a bheas ann amárach agus iad ag súil leis an Cluiche Ceannais a shroicint agus an bua a fháil ar Baile Átha Cliath.

Beifear ag súil le cluiche maith ón Captaen Damien Comer mar aon leis an fear ó Corofin, Ian Burke. Sé Ian Burke atá díreach taobh thiar de Damien Comer ó thaobh na scóranna de agus beifear ag súil go mbeadh an beirt sin dúisithe agus réidh don imirt istóiche amárach.

Bhuaigh Baile Átha Cliath chuile cluiche a bhí acu sna sár-ochtar agus táthar muiníneach go mbeidís in ann an bheart a dhéanamh i gcoinne an Ghaillimh amárach.

An bhfuil seans ag an Gaillimh in aghaidh Baile Átha Cliath amárach nó an mbeimís ag faire ar cluiche aon-taobhach?

Tabhairfidh an Gaillimh aghaidh ar Baile Átha Cliath ag a 5.00i.n. amárach an 11ú Lúnasa i Cluiche Leath Ceannais Craobh Caide na hÉireann i bPáirc an Crócaigh. Beifear in ann faire ar an cluiche ar RTE 2 tráthnóna amárach.