Gaeil na Gaillimhe CLG ag eagrú Cúl Camp lán-Ghaeilge

0
1087
Gaeil na Gaillimhe

Tá an áthais ar an Cumann Lúthchleas Gael, Gaeil na Gaillimhe go bhfuilidís chun Cúl Camp Lán-Ghaeilge a reachtáil do pháistí bunscoile idir 6-13 bliain d’aois.

Tá an CLG Gaeil na Gaillimhe ag tnúth go mór leis an Campa a bheas ar siúl i Gaelscoil Mhic Amhlaigh idir an 16-20 Iúil.

Labhair Stiofán Seoige, Cathaoirleach Gaeil na Gaillimhe agus comhordaitheoir an champa faoin slí ar tháinig an smaoineamh le chéile agus an aidhm atá acu leis.

“Tháinig an smaoineamh seo chun cinn ag cruinniú a bhí ag coiste an chumainn cúpla bliain ó shin. Tá an club ar an bhfód anois le dhá bliain go leith agus táimid ag smaoineamh i dtreo na todhchaí.

“Is mian linn amach anseo, amhail Na Gaeil Óga i mBaile Átha Cliath atá ag dul ó neart go neart, foirne faoi aois a chur chun páirce agus deis a thabhairt do ghasúir na cathrach peil a imirt trí mhéan na Ghaeilge.

“Ceapaimid gur céim sa treo ceart í campa den chineál seo a eagrú chun páistí óga agus a dtuistí a tharraingt i dtreo an chumainn.”

De bharr gur cathair dátheangach í Cathair na Gaillimhe tá CLG Gaeil na Gaillimhe ag imeacht sa dtreo cheart agus iad ag iarraidh an teanga a fhorbairt agus a chuir chun cinn. Síleann Stíofán é féin gur rud maith é na campaí seo a thosú.

“Tá go leor iarrachtaí ar bun faoi láthair an Ghaeilge a chur chun cinn i gcathair dhátheangach na Gaillimhe agus tá súil againn go gcuirfidh an campa seo le dul chun cinn na teanga agus ár gcumainn araon.”

Cé go bhfuil fíor thábhacht ag baint le dul chun cinn na teanga is léir nach í sin bun agus barr na scéal ach oiread. Is dos na leanaí óga atá na campaí seo á reachtáil chun a gcuid scileanna caide agus iománaíocht a fhorbairt maraon leis an Ghaeilge.

“Deis iontach a bheas ann, dar ndóigh do pháistí bunscoile forbairt a dhéanamh ar a scileanna peile agus iomána i dtimpeallacht lán-Ghaeilge atá taitneamhach agus sultmhar agus deis a thabhairt dóibh siúd atá ag freastal ar Ghaelscoileanna na cathrach an teanga a úsáid lasmuigh den seomra ranga.

“Bíonn an tóir ar na campaí seo ar fud na tíre agus braithimid go bhfuil sé fíor-thábhachtach go mbeadh siad ar fáil trí mheán na Gaeilge chomh maith.

“Ní dóigh liom go bhfuil Cúl Camp eile lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht an taobh seo tíre.

“Beidh an campa féin ar siúl i nGaelscoil Mhic Amhlaigh agus is iontach an rud é sin chomh maith chun nascanna a chruthú idir an cumann agus gaelscoileanna na cathrach.

“Thug príomhoide na scoile, Daríona Nic an Iomaire, agus múinteoirí na scoile (Fergal Ó Mainín ach go háirithe) go leor cúnamh dúinn agus muid ag lorg suíomh don champa.”

Is léir go bhfuilid ar fad i CLG Gaeil na Gaillimhe ag tnúth go mór leis na campaí seo a thosnú agus is féidir tuilleadh eolas a fháil maraon le chlárú anseo.