Foireann Mionúir na Gaillimhe ainmnithe do Craobh Ceannais Mionúir na hÉireann

0
1055
7 ainmniúchán faighte ag peileadóirí na Gaillimhe - Galway Daily

Tá foireann Mionúir na Gaillimhe théis a bheith ainmnithe do Craobh Ceannais Mionúir na hÉireann.

Tabhairfidh foireann caide mionúir na Gaillimhe aghaidh ar foireann Ciarraí i Craobh Ceannais Mionúir na hÉireann ar an Domhnach seo, 2ú Meán Fomhair.

Seo an chéad Cluiche Ceannais Mionúir riamh atá ar chuile imreoir a bheith níos óige ná 17 bliana d’aois ag tús na bliana seachais níos óige ná 18 mar a bhíodh cheana.

Tá foireann na Gaillimhe théis seacht cluiche a imirt chun Cluiche Ceannais na hÉireann a shroicint i gcomparáid leis an cúig cluiche a bhí ag imreoirí Ciarraí.

Beifear ag súil nach mbeidh imreoirí na Gaillimhe traochta de dheasca an dá cluiche sa bhreis a bhí acu agus iad dóchasach go mbeidís in ann bua a bhaint amach mar a dhein Foireann Mionúir Iománaíochta na Gaillimhe coicís ó shin.

Ar an dtaobh eile den scéal beidh foireann na Ríochta ag súil leis an cheann is fearr a fháil ar imreoirí an iarthar chun píosa staire a bhaint amach.

Más ag an Ríocht a bheas an mbua ar an Domhnach, is iadsan a bheas an chéad foireann fearaibh iománaíochta nó caide ag aon leibhéal a bheadh théis cúig teidil Craobh na hÉireann as a chéile a bhuacaint.

Sa bhliain 1982, bhí foireann sinsir na Ríochta ag tabhairt fén onóir chéanna ach briseadh croí a bhí ann dóibh de dheasca báide déanach a fuair Seamus Darby agus b’iad Uíbh Fháillí a thug Corn Mhig Uidhir leo an bhliain san.

Beidh muintir na Ríochta dóchasach go mbeidís in ann an onóir sin a thabhairt leo i mbliana ach tá a fhios acu nach mbeidh sé éasca mar tá foireann láidir ag Gaillimh.

Seo a leanas an foireann atá ainmnithe ag Gaillimh don Cluiche Ceannais a bheas ar siúl Dé Domhnach seo an 2ú Meán Fomhair ag a 1 a chlog.

1. Donie Halloran (Cortoon Shamrocks)
2. Ethan Walsh (Cortoon-Shamrocks)
3. Seán Black (NaomhFeichin, Clifden)
4. Cian Deane (Cumann Peile Mhaigh Cuilinn)
5. Ryan Monahan (Oughterard)
6. Tony Gill (CorofinGAA)
7. Cathal Sweeney (Salthill Knocknacarra)
8. Paul Kelly (Maigh Cuillin)
9. Conor Raftery (Glenamaddy – Captain)
10. Liam Judge (Caherlistrane)
11. Aidan Halloran (Salthill/Knocknacarra)
12. Seán Horkan (St Gabriel’s)
13. Eoghan Tinney (Salthill/Knocknacarra)
14. Daniel Cox (Maigh Cuillin)
15. Matthew Cooley (Corofin)