Féasta Sráide Mhaigh Cuilinn – Féile Rathúil a bhí ann ar an Domhnach

0
1084
Féasta Sráide Mhaigh Cuilinn - Féasta Rathúil

Théis an t-ualach oibre a chuireadh isteach ins an ullmhúchán do Féasta Sráide Mhaigh Cuilinn, féile rathúil a bhí ann ar an Domhnach.

Reachtáileadh Féasta Sraide Mhaigh Cuilinn ar an Domhnach seo atá díreach imithe, an 10ú lá de Meitheamh, féile rathúil a bhí ann agus é mar cheann de 67 Féasta a bhí ar siúl mórthimpeall na Ghaillimhe.

An sprioc a bhí bainteach leis na Féastaí Sráide a reachtáileadh ar an Domhnach, ná chun an pobal a thabhairt le chéile.

Ag na cruinnithe roimh ré, d’ullmhaíodh clár-ama don lá chun eolas a thabhairt don phobal maidir leis na himeachtaí a bhí le bheith ar siúl. Seo a leanas briseadh síos ar an slí a raibh an lá le dhul:

2:00 – Oscailt Oifigiúl
2:10 – Spraoi le Ceol
2:30 – Pastime Chonamara
3:00 – Sumba i nGaeilge
3:45 – Aimee Banks – Cór Scoil Mhuire
4:00 – Dioscó Gaelach agus bácáil le Mary Carn a n-oibríonn ins an White Cables
4:30 – Tadhg Mac Dhonnagáin @ FutaFata
5:00 Céilí, Rince Sean Nós is damhsóirí áitiúla le Comhaltas Mhaigh Cuilinn
6:00 Amhrán na bhFiann.

Labhair Julie Ann de Brún ó Gaeilge Mhaigh Cuilinn maidir leis an Féasta Sráide agus cé chomh rathúil is a bhí sé.

“Tháinig slua mhór chuig an lá idir óg is aosta. Chaith siad tráthnóna galánta ag breathnú ar damhsa Gaelach ó scoileanna rince Arlene Cook is Bláthnaid Folan, rince Sean-nós agus ag déanamh damhsa Sumba i nGaeilge le linn am Féasta Sráide.

Griangraif tógtha ag Sean Lydon

“Bhí rang “Spraoi le Ceol” i nGaeilge le haghaidh páistí óga is a mhuintir. Chaith Máirtín Davey le Pastimes Conamara tráth deas ag meanú cursaí sna sean laethanta.

“Bhí slua deas leis is idir rince sean nós is pisreoga, thaitin a gceardlann go mhór leis an phobal.

“Bhí dioscó Gaelach le DJ Malcom. Thaispéain Mary Carr a n-oibríonn ins an bialann den scoth is bialann áitiúl an White Gables, cén chaoi arán bhaile le bácáil.

“Chan Aimee Banks, 16, soprano áitiúl le cór Scoil Mhuire. Is amhránaí álainn í is tháinig sí abhaile ó Coláiste Lurgan mar Cinnere faoi láthair, chun canadh linn!

“Rinne Tadhg Mac Dhonnagáin an caint faoi Futa Fata is a chuid ceol. Thaitin na hamhráin go léir leis an bpobal, idir óg is aosta.

“Ag an deireadh bhí céilí mór le Comhaltas Mhaigh Cuilinn. Chaith siad tréimshe deas ag seinnt amhráin bríomhar is bhí chuile aois ag damhsa le chéile. Ní fhaca mé a leithéid taobh amuigh le fada an lá!

Griangraif tógtha ag Sean Lydon

“Rinne Noel, ón Coach House, an jab le Gaeilge Mhaigh Cuilinn chun an lá a chur ar siúl. Thug Laurence ón O’Toole Transport an cúnadh chun an stáitse a fháil i gceart.

“Rinne Julianne Hennelly sár hab ar an gcúlra nó freize ar an stáitse. Chaith sí seachtain taobh amuigh ag obair air gar do Teach na Gaeilge, Mhaigh Cuilinn.

“Thug muintir Uí Dabhráin, Uí hÉidhin, is Uí Fhlatharta an-cúnadh dúinn an áit a gléasadh, leis an gcóras fuaime is an áit a chur chun cinn.

“Míle buíochas le Sean Lydon Photography, le fáil ar FB, don griangraifeanna den scoth a thógáil.

“Le cúnadh dé beidh Féasta Sráide Mhaigh Cuilinn ar ais i 2019. Thug sé an chroí dúinn an lá a chur ar siúl agus bhaineamar an sult as freisin,” dúirt Julie Anne de Brún mar focal scor.

Théis an obair ar fad a chuireadh isteach ins an ullmhúchán don lá agus cé chomh rathúil is a bhí Féasta Sráide Mhaigh Cuilinn, tá coiste Gaeilge Mhaigh Cuilinn dóchasach go mbeadh sé thar nais i 2019.