Clár Fáisnéise faoi dúnmhárú ins an Ceathrú Rua i 1998 ar siúl ar TG4

0
948
Tocht na Máthar - tuismitheoirí Siobhán Hynes - maidir le dúnmharú Siobhán ins an Cheathrú Rua i 1998

Oíche amárach beidh clár fáisnéise faoi dúnmharú a tharla ins an Cheathrú Rua sa bhliain 1998 ar siúl ar TG4.

Beidh an clár fáisnéise Tocht na Máthar ar siúl amárach an 20ú Meitheamh, ag a 10.20 istoíche. Sa chlár seo beidh agallaimh ó cairde agus clann Siobhán Hynes, cailín óg (17) ó Leitir Mór ar dheineadh ionsaí gnéasach uirthi roimh í a dhúnmharú ins an Cheathrú Rua i Mí na Nollag 1998.

Is clár fáisnéise é Tocht na Máthar a déantar scrúdú ar conas a dhéanann máithreacha iarracht deiléail nuair a tharlaíonn na rudaí is measa dá leanaí.

Inseoidh Bríd Hynes scéal tubaisteach a híníon, Siobhán, a ionsaíodh agus a dúnmharaíodh ar an 6 Nollaig 1998, díreach seachtain amháin théis ar dhein an chailín óg céiliúradh ar a bhreithlá agus í 17.

Ar an oíche úd, d’imigh Siobhán as carr a bí páirceáilte taobh amuigh d’óstán ar an gCeathrú Rua i gConamara agus níor fhill sí choíche.

Fuaireadh a corp ar thrá an lá ina dhiadh sin agus gabhadh fear áitiúl, John McDonagh, agus cúisíodh é ina dúnmharú.

Ar an 18ú Meitheamh 2001, fuair a mhuintir faoiseamh éigin nuair a gearradh príosúin saoil as dúnmharú agus 10 mbliana as éigniú ar McDonagh.

Ainneoin 19 mbliana a bheith caite, tá croí Bhríd chomh dubh céanna i gcónaí.

Beidh an iar-aisteoir le Ros na Rún Sorcha Ní Chéide ag labhairt ar an clár fáisnéise freisin. Beidh sí ag tabhairt cuntas faoin gortú agus an crá croí a bhuail í féin théis ar dheineadh ionsaí agus dhúnmharú ar a chara.