Duine sa Gaillimh théis €250,000 a bhuacaint ar an Lotto aréir

0
755
Galway daily news galway syndicate claims 133,000 euro prize

Tá duine sa Gaillimh ag céiliúradh go maith anocht théis duais €250,000 ón Lotto istoíche aréir a thabhairt leo.

B’í an €250,000 an duais is mó a bhí ag an tarraingt Lotto Plus 2 agus is duine sa Gaillimh a thug sin leo.

An Siopa Easons i Sráid na Siopaí sa chathair a díol an ticéid agus b’iad na h-uimhreacha sa tarraingt ná 3,14,24,26,30,33 agus an uimhir bónas 1.

Ní raibh buaiteoir ar bith don €2milliún jackpot agus b’iad na h-uimhreacha do san ná 7,8,9,15,27,29 agus an bónas do 33.

Ní raibh buaiteoir sa tarraingt Lotto Plus 1 ach oiread agus b’iad na h-uimhreacha do san ná 8,14,16,21, 41, 46, agus an bónas do 37.

Táthar ag súil go rachaidh an buaiteoir don duais €250,000 i dteagmháil leis an Ceanncheathrú an Chrannchuir Náisiúnta chomh luath agus is féidir chun an duais a bhailiú.