D’fhreastal slua measartha mór ar Lá Dearg na Mic Léinn

0
827

D’fhreastal slua measartha mór ar Lá Dearg na Mac Léinn, Dé Satharn seo chaite an 21ú lá de Mí Aibreán chun tacaíocht a thaispéant maidir leis an feachtas.

Cé go raibh an lá go h-aoibhinn agus do bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch is slua measartha mór daoine ó ceann cheann na tíre a bhí i láthair don lá.

Slua

De bharr gur chuir an stoirm agus an droch aimsir isteach ar an lá mór a mhí eagraithe ag BEO-Gaelach agus Bródúil i Mí an Mhárta chuireadh gach rud siar agus bhí orthu dáta an Lá Dearg na Mac Léinn a athrú.

Labhair Meadbh Damery liom faoi seo roimh an lá mhór,

“An rud a bhí i gceist again leis an Lá Dearg ó thús ná é a bheith ar siúl an deireadh seachtaine seo – 14ú lá de Mí Aibreán, ach de bharr an sneachta bhí orthu beo a chur ar cheal.

“B’fhéidir go mbeidh an 21ú beagáinín ró chongarach dos na scrúdaithe agus tá sé dírithe ar mic léinn agus dá bharr ní dóigh liom go mbeidh slua chomh mhór agus a bhíomar ag tnúth le.”

Is é Coiste Lá Dearg na Mac Léinn i dteannta an Dream Dearg agus Comhaltas na Mac Léinn Ollscoile na hÉireann a bhí ar mbun an Lá Dearg seo a reachtáil, chun an fearg atá orthu i dtaobh easpa deiseanna do chéimithe Gaeilge agus daonra óg na Gaeltachtaí a léiriú.

Ar an lá bhíodar ar fad ag caitheamh dearg agus shiúl siad ar son tuilleadh cearta agus deiseanna. Cheaptar nach bhfuil go leor deiseanna ann dóibh siúd atá Gaeilge acu agus iad ag fágáil na hollscoile.

Bealach ar thógadar ar an lá

Bhí thart ar 70 duine ann ar an Lá ag caitheamh Dearg agus a bhailigh ar deireadh ar an gcearnóg.

Tháinig tacaíocht síos ó Bhéal Feirste agus Doire agus tháinig dream eile ó Ollscoil Chorcaí. Bhí tacaíocht againn ó Comhaltas na Mac Léinn a d’eagraigh an mór shiúil.

Bhí tacaíocht ann ar an lá ó roinn Gaeilge na hOllscoile agus bhí úrlabhraithe ann ó Ollscoil na Banríona, Naoise ó Cuilín a labhair faoin bhfeachtas atá a rith acu maidir le comharthaí dátheangach ar campas na hOllscoile.

Labhair leas reachtaire an chumann Gaelach OÉG, Eva ní Mhealláin, labhair Sorcha Ní Chualán ó Chamus thar muintir Chonamara agus chomh maith le sin labhair Laoighseach Ní Choistealbha atá ina leas uachtarán don Ghaeilge don USI.

Cé ná raibh slua fíor mhór ann, thánadar go léir chéile ar son a chéile agus thaispeánadar an fearg agus an míshástacht atá acu ar an slí nach bhfuil i dhóthain á dhéanamh chun an teanga a chothú dos na hóige.