Deontas Ceadaithe do Choiste Taispeántas Chois Fharraige, An Spidéal

0
875
Deontas ceadaithe chun Pháirc an gCeathrú Rua a gcoimeád gearrtha - Galway Daily

Tá Deontas suas le €3,638 ceadaithe ag an Aire Stáit Kyne do Choiste Taisdpeántas Chois Fharraige, An Spidéal chun trealamh a cheannach don taispeántas.

D’fhógair Sean Kyne T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, inné an 26 Samhain go bhfuil deontas suas le €3,638 nó 80% den chostas iomlán, cibé acu is lú, ceadaithe aige do Choiste Taispeántas Chois Fharraige chun trealamh fuaime agus geataí a cheannach le haghaidh an taispeántais a bhíonn ar siúl ar an Spidéal i gCo. na Gaillimhe, chuile bhliain.

“Tá an-áthas orm an deontas seo a cheadú don choiste gníomhach seo,” a dúirt an tAire Stáit Kyne.

“Tá an taispeántas seo á chur ar bun ó 1979 agus é ag dul ó neart go neart chuile bhliain. Tugann sé deis iontach do mhuintir na háite teacht le chéile agus a gcuid scileanna ceardaíochta, garraíodóireachta, bácála agus mar sin de a chur i láthair, gan trácht ar na seónna ainmhithe a bhíonn ar bun i gcaitheamh an lae.

“Cuirtear na himeachtaí ar fad ar bun i nGaeilge agus, go deimhin, is coiste láidir iad seo atá ag cabhrú go mór leis an teanga a chur chun cinn sa gceantar le blianta fada anuas.”

Is i gcomhréir leis an ngealltanas atá tugtha i leith an Chláir Tacaíochtaí Pobail agus Teanga faoi ghníomh 2.22 de Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais don Ghaeilge, a seoladh i Meitheamh 2018, atá an deontas seo á cheadú.