Cumann ón Indreabhán le feiscint ar Cúla 4 inniu 15 Samhain

Cumann ón Indreabhán le feiscint ar Cúla 4 inniu 15 Samhain

Cumann ón Indreabhán a bheas le feiscint ar Cúla4 tráthnóna inniu, 15 Samhain.

Ag a 5 a chlog tráthnóna ar Cúla4 beidh eipeasóid nua de C.L.U.B. ar siúl agus b’é an club a bheas ar an clár an tseachtain seo ná Cumann Liathróid Láimhe Michéal Breathnach, ó Indreabhán.

B’í Ciana Ní Churraoin, imreoir liathróid láimhe a bheas mar aoi speisialta na seachtaine seo.

Léiriúchán de chuid Macalla Teo (comhlacht léiriúchán teilifíse lonnaithe i mBaile Átha Cliath) é CLUB.

Thosaigh CLUB ar dtús ar an 20ú Meán Fómhair agus í ag dul ó neart go neart. Sraith faoin CLG atá ann, le láithreoirí Máire Ní Bhraonáin agus Diarmuid Lyng, chomh maith le aíonna speisialta gach seachtain.

Bíonn CLUB ar fud fad na tíre ag buaileadh le chlubanna CLG agus bíonn an sraith le fesicint chuile Déardaoin ar Cúla4 ag 5i.n.

Seo’d é físéan beag ag taispeánt léargas beag do Cumann Liathróid Láimhe Michéal Breathnach, ó Indreabhán a bheas ar an clár tráthnóna inniu ag a 5i.n.

CLG Micheál Breathnach ar C.L.U.B. 15ú Samhain ar Cúla4

🏐 Club na seachtaine seo ná Cumann Liathróid Láimhe Micheál Breathnach, ó Indreabhán, Co. na Gaillimhe!🌟 Le aoi speisialta imreoir leis an gclub Ciana Ní Churraoin📺Eipeasóid nua de C.L.U.B. an Déardaoin seo ag 5.00in ar Cúla4TG4 Sport TG4 GAA Handball Micheal Breathnach Galway Daily Connacht GAA Official GAA Galway Bay FM Connacht Tribune – Galway City Tribune Comórtas Peile na Gaeltachta Gaillimh Inniu Galway Bay FM Sports

Posted by Macalla Teo on Wednesday, November 14, 2018

Bígí ag faire ar Cúla4 um tráthnóna chun neart eolas agus spraoi faoin cumann a fheiscint.

 

  • 6
    Shares

COMMENTS