Cúirt Cois Fharraige – Imeachtaí Gaeilge mar chuid do Cúirt 2018

0
910
Cúirt International Literature Festival - Irish

Beidh Cúirt Féile Idirnáisiúnta Litríochta ag tosnú amárach an 23ú lá de Mí Aibreán agus i mbliana tá rud sa bhreis á rith acu. Beidh Cúirt Cois Fharraige ar siúl agus ‘sé atá i gceist le seo ná imeachtaí Gaeilge a bheas ar siúl i rith na seachtaine.

Is é Cúirt Féile Idirnáisiúnta Litríochta a bhunaíodh sa Ghaillimh i 1985 ceann dos na féilte litríochta is sine agus is aitheanta mórthimpeall an Eoraip.

Príomhaidm an féile ná chun céiliúradh agus chun solas a thaithneamh ar tallann liteartha náisiúnta agus idirnáisiúnta, mar aon leis an focal scríofa i filíochta agus i ficsean liteartha a chur chun cinn, agus le déanaí, neamhfhicsean agus scríobhneoireacht séanra a chur chun cinn.

I mbliana tá fíor áthas ar Cúirt i gcomhar le Ealaín na Gaeltachta agus Éigse Eireann Scríobhneoirí i Scoileanna, ‘Cúirt Cois Fharraige’ a chur i láthair.

Beidh méid áirithe imeachtaí speisialta ar siúl i nGaeilge chun tacaíocht a thabhairt do scríobhneoireacht comhaimseartha do scríobhneoirí áitiúl Gaeltachta agus scileanna scríobhneoireachta a cothú ins na húdair óg atá ag scríobh trí Gaeilge faoi láthair agus a mbeidh amach anseo sa todhchaí.

Beidh Léamh Am Lóin ar siúl in Inis Oírr amárach, an 23ú lá de Mí Aibreán leis na húdair Jackie Mac Donncha agus Dara Ó Conaola. 

Is féidir tuilleadh eolas a fháil faoin imeacht sin ó Áras Éanna ag 099-755150

Ar an Aoine ansin beidh Fílíocht á léamh ag Áine Durkin agus Paddy Mheme Ó Súilleabháin in Ros a Mhíl.

Is as Conamara ó dhúchas í Áine Durkin atá ina conaí in Inis Eoghain ó 1980. Scríobhann sí filíocht agus amhráin agus chomh maith leis sin is blagálaí í. Bhain sí duais liteartha ag Oireachtas na Samhna 2010 dá blag Mise Áine.

Bhuaigh a hamhráin ‘Le Do Thaobh’ an Comórtas Amhrán Náisiúnta ag an bhFéile Pan Cheilteach i 2013 agus bhuaigh ‘Féile na Nollag’ comórtas amhránaíochta a d’eagraigh Ros na Rún/Raidió na Gaeltachta.

I Loch Con Aortha, Conamara a rugadh Paddy Mhéime Ó Súilleabháin i 1944. Tá cáil bainte amach ag a chuid dánta go mór mór, a foilsíodh ar an iliomad irisí. Tá duaiseanna bronnta air ag féilte i gConamara, ag Oireachtas na Gaeilge, agus Oireachtas Cheanada.

D’oilsigh Coiscéim a chéad chnuasach filíochta, Fuaim na Gaoithe Aniar mar aon le dírbheathaisnéis a shaol oibre: Seachrán Deoraí thar trí mhór-roinn.

Mar chuid do Cúirt Cois Fharraige freisin beidh trí seisiún ar an ceird scríobhneoireachta sna ranganna ar siúl ar na hOiléain Árainn le Darach Mac Con Iomaire, Réaltán Ní Leannáin agus Jackie Mac Donnacha.

Má tá sibh ag lorg eolas faoi imeachtaí eile a bheas ar siúl i rith na seachtaine le Cúirt is féidir iad a fheiscint anseo nó téir chuig www.cúirt.ie chun na himeachtaí ar fad a fheiscint.