Cuireadh freastal ar Scoil Samhraidh an Phiarsaigh 2018

0
901
Scoil Samhraidh an Phiarsaigh

Tá sé fógartha ag Comhairle Chontae na Gaillimhe go bhfuil fáilte chroiúil á thabhairt acu do chách freastal ar Scoil Samhraidh an Phiarsaigh 2018.

Beidh Scoil Samhraidh an Phiarsaigh á reachtáil ón 26-27 Iúil 2018 i gConamara, Co. na Gaillimhe.

Beidh oscailt oifigiúl in Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh, Ros Muc ar an Déardaoin 26 Iúil ó 6.30 -8.30 i.n (le deis dul ar thuras treoraithe de Theach an Phiarsaigh agus den Ionad Cultúrtha freisin idir 3i.n.-6i.n.)

Beidh imeachtaí an Aoine 27 Iúil ar siúl in Amharclann Chois Fharraige, Seanscoil Sailearna, Indreabhán ag tosú ag 9.45r.n. le turas chuig seit an tsobaldráma ‘Ros na Rún’ sa Spidéal socraithe don tráthnóna freisin, le deis labhairt le duine de na scríbhneoirí.

Tá sé saor in aisce do chách ach tá clárú riachtanach. Is féidir clárú trí d’ainm, seoladh, r-phost, uimh fóin, aon riachtanais speisialta a sheoladh ar r-phost chuig gaeilge@cocogaillimh.ie nó glaoigh ar 091-509030 roimh an 23 Iúil 2018.