Comórtas do Scoileanna Dara leibhéal fógartha ag Raidio na Gaeltachta

0
1031
Comórtas fógartha ag RnaG - Galway Daily

Tá cómórtas do scoileanna dara leibhéal fógartha ag Raidió na Gaeltachta.

Tá deis ann do scoileanna dara leibhéal i nGaillimh agus ar fud fad na tíre páirt a glacadh sa chomórtas atá fógartha ag Raidió na Gaeltachta i gcomhar le Foras na Gaeilge mar chuid de Bhliain na Gaeilge.

S’éard is Bliain na Gaeilge ann ná céiliúradh ar theanga na nGael, agus ó mhí Eanair bhí neart mhaith imeachtaí agus tógraí ar bun sa tír seo agus ar fud na cruinne chun suim agus rannnphártaíocht sa teanga a spreagadh.

Maidir leis an chomórtas atá fógartha, tá dhá chéim ag baint leis.

Ar an gcéad dul síos, tugtar cuireadh do scoileanna dara leibhéal ar fud na hÉireann, thuaidh agus theas, moltaí a chur isteach do chlár raidió 30 nóiméad ar fhad, i nGaeilge, bunaithe ar an téama ‘Bliain na Gaeilge 2018.’ An spriocdháta do seo ná Dé Luain an 17 Nollaig.

In dhiaidh sin, roghnófar an cúig iarratas is fearr agus cuirfear léiritheoir raidió ag obair leis na scoileanna leis na cláracha sin a chur le chéile. Craolfar iad ar Raidió na Gaeltachta le linn Sheactain na Gaeilge i Mí Márta 2019 agus bronnfar €1000 ar an gclár is fearr.

Deis den scoth atá ann don aos óg anseo i gceantar Gaeltachta Gaillimh agus ar fud fad na tíre. Ná caill amach ar an deis seo agus sheol d’iarratas isteach go luath.

Is féidir tuilleadh eolas a fháil faoin gcomórtas seo anseo.