Comhpháirtíocht nua bunaithe idir OÉ Gaillimh agus RTÉ maidir le Taighde Craoltóireachta Gaeilge agus clár nua MA

0
791

Tá tionscadal taighde lucht éisteachta bunaithe ag RTÉ i gcomhpháirt le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh.  Beidh sé d’aidhm ag Fios Físe tuairimí Phobal Labhartha na Gaeilge i leith RTÉ Raidió na Gaeltachta a fhiosrú.

Seo é an chéad uair a mbeidh tuairimí spriocphobal an chraoltóra á fhiosrú ar bhonn leanúnach.  Is faoi scáth Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge a bheidh an tionscadal á reáchtáil.

Earcófar Painéal de 500 cuiditheoir a bheidh ionadach ar Phobal Labhartha na Gaeilge ar fud na hÉireann, thuaidh agus theas.  Áireofar critéir theangeolaíocha, thíreolaíocha agus dhéimeagrafacha i gcomhdhéanamh bhallraíocht an Phainéil.

Líonfaidh na cuiditheoirí suirbhé ar líne go seachtainiúil agus cuirfear torthaí an taighde faoi bhráid RTÉ go tráthrialta.  Beidh stórchiste luachmhar faisnéise ar fáil chun críche taighde d’Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, go háirithe i gcomhthéacs chlár léinn an Acadaimh sna Meáin Chumarsáide.

Chuir Gearóid Mac Donncha, Ceannaire Gníomhach RTÉ Raidió na Gaeltachta, fáilte mhór roimh an togra, agus dúirt sé gur mór an chabhair a bheadh ann ó thaobh pleanála agus stiúradh na seirbhíse de sna blianta amach romhainn.

“Cuirfidh an t-aiseolas rialta faoin gcraoladh, agus an anailís ar an lucht éisteachta, a bheidh ar fáil dúinn anois a bhuíochas do Fios Físe go mór leis an obair a bhíonn idir lámha againn ó thaobh reáchtáil na seirbhíse de.  Tabharfaidh sé léargas níos fearr dúinn ar mhianta an phobail éisteachta, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di, agus beidh muid in ann feidhmiú dá réir.  Is eolas é seo a bhí in easnamh orainn, go pointe, go dtí seo, agus tá sé i gceist againn anois leas a bhaint as chun tairbhe éisteoirí RTÉ Raidió na Gaeltachta.”

“Comhlánóidh an clár nua seo an taighde lucht féachana atá ar siúl againn ó 2013 do TG4 agus tógann sé ar an tsamhail oibriúcháin a bunaíodh i gcomhar le TG4 don taighde ag an am,” a deir Stiúrthóir an Tionscadail Séamas Ó Concheanainn.

Tá Meamram Comhthuisceana freisin sínithe idir OÉ Gaillimh agus RTÉ chun clár nua MA (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin) a chur ar fáil, le béim ar an bhfoghlaim phraiticbhunaithe trí mheán na Gaeilge i stiúideonna éagsúla de chuid RTÉ.

Dee Forbes, Ceannasaí RTÉ and An tOllamh Ciarán ó hÓgartaigh, Uachtarán OÉ Gaillimh ag siniú Meamram Comhthuisceana idir OÉ Gaillimh agus RTÉ chun clár nua MA (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin) a chur ar fáil, le béim ar an bhfoghlaim phraiticbhunaithe trí mheán na Gaeilge i stiúideonna éagsúla de chuid RTÉ

Cuirfidh an tAcadamh an MA ar fáil ó Mheán Fómhair 2018. Beidh sé ar fáil ar bhonn lán ama agus go páirtaimseartha.

Clár léinn nuálach agus solúbtha é seo ina bhfuil meascán den staidéar acadúil ar líne agus tréimhsí suntasacha i mbun taithí oibre phraiticbhunaithe  in RTÉ san iriseoireacht, sa chraoltóireacht agus i gcruthú ábhair don raidió, don teilifís, agus d’ardáin éagsúla ar líne.

“I measc na ndúshlán atá ag RTÉ i leith ár n-aschur Gaeilge, tá ár lucht éisteachta agus ar ár lucht féachana a aithint go soiléir, le gur féidir linn an freastal is fearr a dhéanamh orthu, agus freisin cumasú a dhéanamh ar dhaoine a bheidh ag obair sna meáin amach anseo le gur féidir linn an soláthar ar ard-chaighdeán a dhéanann RTÉ ar sheirbhísí Gaeilge a chinntiú don todhchaí.

“Léiríonn an obair atá á déanamh ag RTÉ agus OÉ Gaillimh ina leith seo an luach ollmhór a bhaineann le comhpháirtíocht, agus an tábhacht a bhaineann le tógáil ar an deá-chaidreamh idir an dá eagraíocht,” a deir Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Rónán Mac Con Iomaire.

Dúirt Riarthóir Aonad Léann na Cumarsáide, an Dr Uinsionn Mac Dubhghaill, go bhfuil “an clár léinn ag freastal ar éilimh ó mhic léinn ar chláir iarchéime a bhfuil naisc láidre acu le fostóirí agus leis an margadh.”