Coláiste na Coiribe bainteach le Clár Banc na hÉireann

0
1251
Coiribe

Chríochnaigh Coláiste na Coiribe Clár Banc na Scoile le Banc na hÉireann le déanaí.

Mar chuid don scoil bhliain ghlac Coláiste na Coiribe páirt i Clár Banc na Scoile, clár a reachtáileann Banc na hÉireann.

I gColáiste na Coiribe b’é Matthew Talbot a bhí i bhfeighil ar an mbanc, agus fuair sé cabhair ó Oisín Gormley.

B’iad Alex Nic Niocláis agus Robert McDomhnaill a bhí i gceannas ar Oibríocht & Iniúchadh. Thug Eoin ó Domhnaill agus Enda Quinn aire do na Díolacháin agus Margaíocht. Ansin bhí Aimee Ní Bhruacháin, Meabh Ní Rodáin agus Ross Nolan mar comhairleoirí digiteach an mbanc.

Ag labhair faoin foireann i gColáiste na Coiribe, dúirt Caroline Fahy, comhairdaitheoir na h-óg, Banc na hÉireann,

“Bhí an bhfoireann iontach agus bhí siad an-tiomanta chun an sprioc a bhí acu a bhaint amach. Rinne siad é seo tríd cur i láthair sna ranganna chun fios a thabhairt dos na daltaí go raibh an banc oscailte do gnó.

“Bhí an foireann díograiseach, poincúil agus d’oibrigh siad go crua. Ba ceannaire iontach é Matthew a choinnigh an móiminteam ag dul gach seachtain agus spreag sé an bhfoireann chun an sprioc a bhualadh.

Bhí rath ag an foireann ag bualadh an sprioc, toradh le sin ná go bhfuair an scoil €1000, dearbhán One4All agus 100 ticéid chuig cluiche sacar/rugbaí. Fuair an foireann teastas ó Banc na hÉireann as ucht an obair crua a bhí curtha isteach acu.

Dúirt dalta scoile Coláiste na Coiribe, Oisín Gormley a raibh bainteach leis an tógra mar Leas-Bainisteoir,

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Caroline agus Banc na hÉireann as ucht cabhrú le banc na scoile. Bhaineamar an-sult agus taithí as.”

Dúirt Matthew Talbot, Bainisteoir an tógra,

“Is deis iontach a bhí ann agus glacann muid buíochas le banc na hÉireann, Caroline go háirithe, as ucht an cabhair ar fad a thug siad dúinn. Is foireann iontach a bhí againn agus bhainn muid ar fad an-sult as.”

Bliain rathúil á bhí ann do Matthew Talbot agus é bhainteach leis an comhlacht fiontar CitySmarts freisin. Shroiceadar Páirc an Chrócaigh ach faraor ní raibh an bua acu ar dheireadh.