Cleasathon-Inis Oirr 2018 ar siúl amárach Satharn Cásca

0
895

Más mian libh bhur chuid aclaíocht ar fad a bheith agaibh roimh na h-uibheacha cáisc ar fad á n-ithe ar an Domhnach ba chóir daoibh tabhairt fé Cleasathon Inis Oírr.

Níl ach lá amháin le dul sula dtosnóidh Cleasathon Inis Oírr 2018 a mbíonn ar siúl ar an Satharn Chásic go bliantúil ar an oileán ‘is lú agus is deise’ do na trí Oileáin.

Tá Inis Oírr, mar ceann do na trí Oileáin Árainn, i mBá na Gaillimhe ar chósta thiar na hÉireann. Is áit gan fuachas é le timpeallacht ghleoite agus teanga bhinn na Gaeilge. Is féidir eitilt chuige as Indreabhán i gConamara le Aer Arann nó taisteal ar bhád as Ros an Mhíl i gConamara nó as Dúlainn i gCo. an Chláir.

Is oiléan gleoite aolchloiche é atá cosúil leis an mBoireann agus daonra de 250 ann ar feadh na bliana. Oiléan Gaeltachta é Inis Oírr le stair agus cultúr saibhir rud a tharraingíonn go leor turasóirí chuig an oiléan.

Is comhlacht poiblí é Cleas ar an oileán a reachtáileann meascán gníomhaíochtaí do ghrúpaí scoile a mbeadh suim acu lá nó dhó a chaitheamh in Inis Oírr, mar shampla siúlóidí eolais, ceardlanna ceardaíochta agus déanamh na gciseán traidisiúnta. Le breis eolais a fháil glaoigh ar (0)99 75979 nó seol r-phost chuig: cleasteo@gmail.com

Is iad Cleas a d’eagraidh an Cleasathon agus iad ag iarraidh airgid a bhailiú a rachaidh díreach isteach sa phobail arís chun na háiseanna a dhéanamh níos fearr.

Trí rás difriúl a bheidh ar siúl, Rás Eachtraíochta 10 míle,(€35), Rás Bóthair 13k (€35) agus Rás Bóthair 7k (€25) agus tugtar cead d’iomaitheoirí na rásanna seo a shiúl freisin.

Cúrsa 1
Bíonn sé sách deachair in áiteanna le féar, feamainn is talamh sciorrach, boghléir, clocha móra géara, garbha & corracha, bacanna is gaineamh. Moltar ‘trail runners’ a chaitheamh.

Cúrsa 2
Rás timpeall 13k ar bhóithre atá sórt cnocach i bpaistí é Rás 2.

Cúrsa 3
Níl an rás bóthair 7k ró-chothrom ach an oireadh ach beidh An Plassy agus An Loch Mór le feicéail ar an mbealach.

Bhí Cathleen, ó Cleas ag caint faoin Cleasathon agus dóchas aici go mbeadh mórchuid daoine ag teacht amach don imeacht.

“Táimid dóchasach go mbeidh ana chuid daoine ag teacht ach níl uimhreacha againn fós mar braitheann sé ar an aimsir. Go minic is ar an lá a dtagann an chuid is mó do na daoine mar bíonn siad ag fanacht le feiscint cén sort aimsir a bheidh ann.”

Beidh an trí rás ag tosnú ag 1.30i.n. agus beidh clárú ann idir 10r.n. agus 12.45 i.n. ag an Halla in aice na Páirce mar aon le dáileadh uimhreacha na rásaí. Moltar do gach duine a bheith réidh don treoir ag 1.20 agus meastar go críochnófar na rásaí go hoifigiúl ag 4.00i.n.

Is féidir tuilleadh eolas a fháil faoi na rásaí trí ríomhphoist a chuir chuig info@cleasathon-inisoirr.info nó glaoch a chuir ar Cathleen ag 099 – 75979.

Más lá deas a bhéas ann cén fáth nach rachaidh sibh agus a bheith rannpháirteach sa Cleasathon. Bheadh sibh ag mothú i bhfad níos fearr ar an Domhnach ansin agus sibh ag suí ar an tolg ag líonadh bhur bholg le seacláide.