Ciarraíoch Ceaptha mar Cathaoirleach ar an Taibhdhearc

0
1046
Galway Daily arts & culture Galway film wins best documentary at Irish Film Festival London

Go hiondúil nuair a chuirtear Muintir na Gaillimhe i gcomhluadar Muintir Chiarraí, seans ollmhór go mbíonn sé bainteach le cluiche caide a imirt, mar atá fíór an deireadh seachtaine seo.  Buailfidh Muintir na Gaillimhe an bóthar fada síos go Páirc Abhaistín De Staic i dTrá Lí agus iad ag súil le bua a fháil ar an Ríocht, Dé Domhnaigh beag seo, an 25ú lá De Mí na Feabhra. Le cúnamh Dé beidh an mbua ag an dream ó dheas. An Ríocht abú!

Scéal difriúl atá ann d’Aodh Ó Coiléain, Ciarraíoch a chaith a saol ar fad sáite i measc cultúr na dhrámaíochta. Ó bhí sé ina ngasúir óg ag fás aníos agus fós féin i láthair na huaire, ‘sé an dramaíocht, ceol agus amhránaíocht atá suite go domhain ina gcroí.

Is léir go bhfuil na cnaipí ar fad brúite ag Aodh. Thosaigh sé amach mar leaid óg sa dhrámaíocht agus ansin bhog sé ar aghaidh ag obair i soilsíocht.

Bhunaigh sé féin agus Trevor Ó Clochartaigh an grúpa amharclainne na Fánaithe i gCathair na Gaillimhe sa bhliain 1987. Chaith sé thart ar sé bliana i bpost bainistíochta le Nuacht TG4 i mBaile na hAbhann agus bliain ina Eagarthóir Stiúrtha Nuachta le Radio na Gaeltachta.

Múineann Aodh iriseoireacht, dlí na meán agus smaointeoireacht chriticiúl ar an gcéim BA (Cumarsáid agus Gaeilge) ach é sin ráite is léir go dtagann chuile rud thar n-ais chuig saol an amharclainne, mar le déanaí bhí sé ceaptha mar Cathaoirleach ar an Taibhdhearc anseo sa Gaillimh.

Saolaíodh i 1967 é sa Daingean, áit a raibh a athair, Tadhg Ó Coiléain ag obair mar Gharda sa bhaile. Bhí baint ag Tadhg leis an Comhar Chumann Forbartha Chorca Dhuibhne a bhí lonnaithe ar an mBuailtín i mBaile an Fhirtéaraigh freisin. B’é an bhaint sin an chéad nasc ar an slabhra atá tar éis saol Aodh, ar fad a leathnú amach i dtreo na drámaíochta.

Nuair a thosaigh Siamsa na Carraige thart ar 1977 nó 1978 dúradh le Tadhg gur chóir dó smaoineamh ar a chlann a chur ag freastal ann chun blúire beag ceol, amhránaíocht agus drámaíocht a fhoglaim.

“Dhein sé amhlaigh,” a dúirt Aodh Ó Coiléain, “agus thosaigh mise i dteach Siamsa na Carraige nuair bhíos naoi nó deich mbliana d’aois”.

Is cinnte gur thaitin sé leis mar chuaigh sé ar aghaidh ansin go Siamsa na Tíre i dTrá Lí.

“Caitheas chuid maith blianta isteach agus amach go dTrá Lí ar an stáitse gach Samhradh agus gach Nollag. Bhí ranganna i dTrá Lí i rith na mbliana. Théimis isteach gach oíche agus bhí ranganna ceol agus mar sin do ar siúl istigh leis an t-athair Pat Ahern.

Tháinig Aodh Ó Coiléain go dtí an Taibhdhearc ar dtús i 1982 in aois a cheithre bhliana déag i dteannta Aisteoirí Bhréanainn, agus Boscó ó Chonchúir ó Cill Cuaille a bhí i bhfeighil an grúpa.

“Is cuimhin liom thugamar dhá dhráma aníos as Chiarraí an mbliain sin, ‘Dúirt sé Dárt sé’ le Lady Gregory agus ‘Súgan Sneachta’ le Máiréad Ní Ghráinne.

Cuimhní Aodh Ó Coiléain

Bhí an Taibhdhearc tábhachtach i saol Aodh ó bhí sé ina leaid óg agus anois tá sé de gceist aige tabhairt thar n-ais agus é ag freastal ar a ról mar Cathaoirleach. Gan dabht is dúshlan atá i gceist ach is léir go bhfuil sé ag tnúth go mór leis an mbliain.

“Táim ag súil leis an dúshlan nua, go mór mór i mbliana agus an amharclann ag céiliúradh 90 bliain bunaithe. Is gá tacú le scríobhneoirí atá ag iarraidh ceird na drámaíóchta a chleachtadh, tá easpa eagarthóirí scripte atá inniúil ar an nGaeilge ar fáil, daoine atá ábalta anailís a dhéanamh agus structúr a chur ar shaothair don stáitse.”

“Ba mhaith liom níos mó deiseanna a chruthú do dhaoine óga dul ar stáitse, bhí ról tábhachtach ag an Taibhdhearc anseo i gcónaí.”

Bígí ag faire amach do dul chun chinn an Taibhdhearc faoi stiúir agus threoir an Coiléainach agus é go mór mór i bhfeidhm an nasc an amharclainne agus an phobal a neartú.

“Is gá an Taibhdearc a oscailt amach agus deis a thabhair do níos mó dhaoine a bheith páirteach san obair a bhíonn idir lámha.”

“Ba mhaith liom go mbeadh próiseas ann chun baill nua a cheapadh ar Bhord na Taibhdheirce.

Is léir gur bliain fada, lán do fuinneamh agus dóchas atá i gceist don Taibhdhearc agus iad ar an bhfód nócha bliain.

Beidh oíche á reachtáil sa Taibhdhearc i mí Lúnasa nó go luath Mí Méan Fomhair chun céiliúradh a dhéanamh ar aois suntasach an Taibhdhearc.

Guímis gach rath ar Aodh Ó Coiléain sa ról nua atá aige.