Chomórtais Liteartha an Oireachtas 2018 ag tabhairt seachtain eile do scríobhneoirí

0
721
Síneadh ama tugtha ag Oireachtas na Gaeilge chun chur isteach ar Chomórtais Liteartha an Oireachtais 2018 - Galway Daily

Inné dúradh go bhfuil seachtain eile á thabhairt do scríobhneoirí le hiontrálacha a chur isteach ar Chomórtais Liteartha an Oireachtas 2018.

D’fhógair Oireachtas na Gaeilge go rabhadar ag tabhairt síneadh ama do scríobhneoirí chun chuir isteach ar an Chomórtais Liteartha.

Beidís ag glacadh leis na hiarratais anois suas go dtí 5.i.n Dé hAoine an 6ú Iúil 2018.

Tugann seo deis daoibhse, scríobhneoirí na Ghaillimhe, peann a chur le pár agus rud éigin a scríobh chun chur isteach ar an Chomórtais.

‘Sí an aidhm atá leis na Comórtais Liteartha ná litríocht agus nua-scríobhneoireacht na Gaeilge a chur chun cinn agus scríobhneoirí óga nua a mhealladh le dul i mbun pinn.

Is ar shaothair neamhfhoilsithe amháin a bhfuil Comórtais Liteartha an Oireachtais dírithe orthu.

Fiche haon(21) comórtas atá ar chlár na bliana seo – trí déag(13) acu sin dírithe ar scríobhneoirí oga.

Seo a leanas na séanraí atá i gceist sa chlár comórtais: úrscéal, gearrscéal, ficsean d’fhoghlaimeoirí fásta, léirmheastóireacht, prós, filíocht, dráma agus eile.

“Tugann Comórtais Liteartha an Oireachtais sprioc agus spreagadh do scríobhneoirí seanbhunaithe, do scríobhneoirí úra agus don ghlúin óg leanúint ar aghaidh ag soláthar scoth na nua-scríobhneoireachta i nGaeilge,” a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais.

“Agus muid ag tabhairt aghaidh ar struchtúr nua, táimid ag súil le hiarratais nua-scríofa, neamhfhoilsithe ar ard-chaighdeán ó scríobhneoirí na Gaeilge.”

Is féidir d’iarratas a dhéanamh ar líne ag www.antoireachtas.ie/comortais-liteartha nó cóip den fhoirm iarratais a fháil ó Oifig an Oireachtais agus í a sheoladh chuig: Comótais Liteartha an Oireachtais, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.

Is féidir tuilleadh eolas a fháil trí scairt a chur ar Louise Ní Dháibhéid ag 01 4753857 nó ríomhphoist a chur chuig louise@antoireachtas.ie

Scríobhneoirí na Ghaillimhe idir óg agus aosta seo bhur seans peann a chur le pár agus rud beag a scríobh chun chur isteach ar Chomórtais Liteartha an t-Oireachtas. Caithfidh an iontrál a bheith istigh roimh 5.i.n ar an 6ú Iúil.