Ceardlann á reachtáil ag Fibín chun Aisteoirí a roghnú.

0
860
ceardlann

Beidh Ceardlann chun aisteoirí a roghnú do Jeramee, Hartleby agus Ooglemore ar siúl idir an 13-15ú lá de Mí Lúnasa.

Faoi láthair d’fhógair Fibín go bhfuilidís ag glacadh le CV agus iad ar thóir aisteoirí.

“Tá rímeád ar Fibín a fhógairt go bhfuil siad chun ceardlann a reachtáil i gConamara faoi stiúir Tim Crouch, stiúrthóir Jeramee, Hartleby, agus Ooglemore.

“Tá saothar time do dhaoine fásta agus do dhaoine óga feicthe ar stáitsí mórthimpeall na cruinne. Chomh maith le bheith ag cumadh drámaí, tá ceardlanna múinte aige maidir le smaointe faoi lucht féachana, foirm agus insint.

“Seo deis chun obair le Tim ar bhealaí praicticiúla agus teoiriciúla chun saothar a chumadh do dhaoine óga. Tá an cheardlann seo dírithe ar aisteoirí gairmiúla a mbeadh suim acu páirt a ghlacadh sa dráma agus roghnófar cliar don dráma tar éis na ceardlainne.

“Beidh an dráma ag dul ar camchuairt náisiúnta amach san fhómhar.”

Más mian leat páirt a glacadh ins na ceardlainne ní mór duit do CV maraon le grianghraf a sheoladh ar aghaidh chuig fibinteo@gmail.com roimh an 25 Iúil 2018.

Beidh na ceardlainne ar siúl ansin idir an Luan an 13ú agus Céadaoin an 15ú Lúnasa 2018, ins an Seanscoil Sailearna, Indreabhán, Co. na Gaillimhe.