Campa Chill Chúile – Baile Locha Riach ag teacht go luath

0
866
Gaeilge Locha Riach

Tá an Samhradh buailte linn agus na mbunscoileanna nach mór críochnaithe. Beidh Campa Samhradh Baile Locha Riach ag tosnú go luath.

Leis na mbunscoileanna ar tí críochnú don tsamhraidh, chialaíonn sé sin go bhfuil sé nach mór am dos na Campaí Samhraidh ar fad tosnú. Beidh Campa Gaeilge Locha Riach ag tosnú ar an 23ú Iúil 2018 – 27ú Iúil.

Tá taithí scór bliana ag Gaeilge Locha Riach ar champa Gaeilge a reachtáil i mBaile Locha Riach.

An samhradh seo beidh an campa ar ais i Scoil Náisiúnta Chill Chúile. Tá an campa deartha go speisialta dos na leanaí ón mbunscoil, ba chuma má tá cúpla focal acu nó má tá siad in ann an teanga a labhairt go maith.

Is do leanaí idir 6-13 a mbeidh an champa oiriúnach do.

Tumtar na campálaithe sa Ghaeilge ó thús go deireadh an champa. Múinfear an teanga atá ag teastáil uathu chun páirt a ghlacadh in imeachtaí an champa.

Na himeachtaí a bheas ar siúl acu ná, spórt agus drámaíocht, amhránaíocht, damhsa, ceol agus líon mhór d’imeachtaí ealaíne.

Tá costas €65 in aghaidh an pháiste ar an gcampa (le lascaine €5 don dara nó don triú pháiste.)

Seo a leanas na rudaí a iarrtar ort tabhairt leat agus tú ag freastal ar an champa:

  • Lón
  • Camán agus Cloigead
  • Éadaí Oiriúnacha
  • Éadaí Báistí
  • Uachtar Gréine agus Hata
  • Uisce
  • Athrú Bróige.