Bus Éireann ag cur seirbhísí ar fáil ón nGaillimh go Picnic Leitreach

0
1091
Galway Daily news Multiple Galway bus services cancelled this Bank Holiday

Tá sé fógartha ag Bus Éireann go bhfuilidís ag cur seirbhísí ar fáil ón nGaillimh go Picnic Leitreach (Electric Picnic).

D’fhógair Bus Éireann inniu go bhfuil seirbhís á chur ar fáil acu an deireadh seachtaine seo do dhuine ar bith atá ag imeacht ón nGaillimh go Leitreach Picnic i Sráidbhaile, Co. Laois.

Beidh an bus ag fágaint an Stáisiún Bus sa Gaillimh ag a 12 meán lae ar an Aoine an 31ú Lúnasa agus fillfidh an mbus thar nais go dtí an nGaillimh ó Páirc Choiste Sráidbhaile ag a 10.00 ar an Luan an 3ú Meán Fomhair.

Is féidir d’áit a chur in áireamh anseo. D’fhógair Bus Éireann go bhfuilidís ag chur busanna speisialta ar fáil ó Baile Átha Cliath agus Corcaigh freisin.

Chuirfear tús leis na himeachtaí ar fad ar an Aoine agus i mbliana beidh muintir na Gaeltachta ag tnúth go mór leis mar don chéad uair riamh beidh láthair oigifiúil champála Gaeltacha ag Leitreach Picnic mar chuid de Bhliain na Gaeilge.

Sa gceantar campála seo b’í an Ghaeilge a bheas mar phríomhtheanga labharta na n-áitritheoirí.

Bliain na Gaeilge sa Chollchoill…

“Éist le manglam ceoil thraidisiúnta agus comhaimseartha ón ardán óna 7.i.n – 12r.n., lig scíth sa gcaifé agus beár ina mbeidh freastalaithe le Gaeilge, ‘s téamh bhur ngéaga fuara istoíche cois tine i measc na bhfilí, na scéalaithe agus na n-amhránaithe a cruinneoidh sna coillte ar imeall phríomhláthair na féile.

“Beidh deis agaibh freisin bhur scéalta féin a roinnt agus sibh ar bhur sáimhín só i gcúinne Raidió Rí-Rá, a bheidh ag craoladh beo ón láthair.

Beidh filí REIC agus an scéalaí Aindrias de Staic ag treorú fánaithe tríd an oíche, agus á gcur faoi gheasa le ceol álainn agus bannaí spleodracha – Scannal, Seo Linn, Lauren Ní Chasaide, Liam O’ Connor, Just Like Us, Dó Fá Dó, agus neart eile ina measc.