Buaiteoirí Phearsa na Bliana 2017 – Gaillimh le Gaeilge

0
1046

Tá an Bhord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge tar éis Pearsa na Bliana do Ghradam na Gaillimhe 2017 a bhuacaint. D’ainmníodh an Bhord Stiúrtha Gaillimh le Gaeilge mar buaiteoirí ag preasócáid in Óstán Chuan na Gaillimhe ar an 9ú lá de Mí an Mhárta.

Is iad an phobal a d’ainmnigh na buaiteoirí ar fad mar aitheantas ar an obair atá déanta acu i réimsí éagsúla a chuir go mór le saol an phobail.

Príomhaidhm Ghaillimh le Gaeilge ná spreagadh agus tacaíocht a thabhairt d’úsáid na Gaeilge, ag cabhrú le gnólachtaí agus ag áitiú orthu tuiscint a bheith acu ar thábhacht na teanga ar slí nach bhfuil ceannasach ná eisiach.

Tá ag éirí go maith le scéimeanna áirithe atá acu, ‘Cairde Ghaillimh le Gaeilge’ agus ‘Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh’ dul i bhfeidhm ar phobal níos mó i slite cáirdiúil oscailte agus an Ghaeilge a thabhairt chun suntais i saol cathrach na Gaillimhe.

Tá ról fíor-thábhachtach ag an nGaeilge i gcruthú atmaisféar bríomhar cultúrtha na cathrach agus cabhraíonn úsáid fhorleathan a Gaeilge leis an stádas mar phríomhcathair chultúir na hEorpa 2020 a bhaint amach do Ghaillimh.

Is baill deonacha iad siúd ar an Bhord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge, a bhfuil spéis faoi leith acu, i gcur chun cinn na Gaeilge i gCathair na Gaillimhe. Oibríonn comhaltaí an Bhoird Stiúrtha in eagraíochtaí agus i gcomhlactaí ar nós TG4, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh, Coláiste Naomh Seosamh (nó an ‘Bish’ mar is fearr aithne air) Stewart Construction, Bane Mullarkey, (comhairleoirí margaíochta agus speisialtóirí turasóireachta) agus Altocloud.

Trí cheannaireacht, dhúthract agus fhís bhaill an Bhoird Stiúrtha reatha mar aon leis na baill a bhí páirteach ar an mBord Stiúrtha thar na blianta, tá ag éirí le Gaillimh le Gaeilge laistigh de phobal gnó na Gaillimhe infheictheacht na Gaeilge a ardú, agus úsáid na Gaeilge ó lá go lá a chur chun cinn sa Chathair.

Is é seo a bhí le rá ag Cathaoirleach an Bhoird, Bernadette Mullarkey:

“Táimid an-bhródúil mar bhaill deonacha de Bhord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge glacadh leis an nGradam speisialta seo, ní amháin dúinn féin, ach thar ceann iad siúd go léir a thug a gcuid ama go fial flaithiúil do Bhord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge thar na blianta.”

“Tugann muid chun cuimhne ach go háirithe, an Dr Peadar Ó Flatharta, nach maireann. Bhí Peadar ina bhall bunaithe agus ba é an chéad Chathaoirleach ar Ghaillimh le Gaeilge. Ba é a leag síos an bhunchloch d’fheidhmiú Ghaillimh le Gaeilge agus bhí sé i gcónaí mar chara den chéad scoth ag an eagraíocht.”

Bua suntasach an ghradam seo don bhoird ar fad agus croílár Seachtain na Gaeilge buailte linn anois. Is treisiú é don bhoird ar fad go bhfuil an obair díograsach iontach don teanga atá ar mbun acu le feiscint.

Dúírt Bríd Ní Chonghoíle, Ardfheidhmeannach Gaillimh le Gaeilge:

“Is iontach an rud é d’aon ghnó nó d’aon eagraíocht aitheantas a fháil ar a gcuid oibre ach tá onóir bhreise ag baint leis an ngradam seo do Ghaillimh le Gaeilge de bharr gur ó mhuintir na Gaillimhe a thagann sé. Mar fhoireann na heagraíochtaí táimíd iontach bródúil as.”

Is féidir an obair agus na seirbhísí ar fad a mbíonn ar bun agus le fáil ó Gaillimh le Gaeilge a fheiscint trí dul go www.gleg.ie