Bua ag Muineacháin i gcoinne an Ghaillimh i Staid an Phiarsaigh

0
803
Muineacháin v's Gaillimh

Tá Muineacháin théis Cluiche Leath Ceannais Craobh na hÉireann a shroicint don chéad uair ó 1988 théis bua a fháil ó fir na Gaillimhe tráthnóna inné.

S’iad Muineacháin a críochnaigh ar barr na sár-ochtar(super 8’s) théis an bua a bhí acu i gcoinne an Gaillimh inné agus d’fhág sin leaids Ciarraí ag fágáil slán leis an craobh arís i mbliana.

Lá den scoth a bhí ann don chaid i Stáid an Phiarsaigh leis an ghrian ag scoilteadh na gcloch ach is léir go raibh níos mó ocras ar na fir ó thuaidh agus ar deireadh bhuadar le dúbalt an scór (0-16   0-08).

Bhí fios ag Gaillimh cheana féin go raibh spota acu i Cluiche Leath Ceannais Craobh na hÉireann ach beidh obair le déanamh acu agus iad chun aghaidh a thabhairt ar Baile Átha Cliath, Dé Satharn seo chughainn 11ú Lúnasa.

Beidh Muineacháin anois théis céiliúradh a dhéanamh aréir, ag féachaint i dtreo an Cluiche Leath Ceannais i gcoinne Tír Eoghain nó Dún na nGall ar an Domhnach seo chughainn 12ú Lúnasa.

Bhí Muineachán ag treorú an cluiche ón tús agus ag leath-am bhíodar chun tosaigh le 0-07 go 0-05, cé go rabhadar ag imirt in aghaidh gaoth.

Críochnaigh fir na Gaillimhe an chéad leath go láidir le cúilíní ó Gary O’ Donnell agus Shane Walsh(saor cic).

Bhí tús iontach maith acu nuair a fuair Eamonn Brannigan cúilín sa chéad 30 soicind ach níor fuaireadar scór ar bith eile sa chéad ceathrú cé go raibh an gaoth leo.

Fuair Fintan Kelly, Vinny Corey agus Hughes cúilíní maithe do Muineacháin agus nuair a scóráil Walsh a chéad saor cic don Gaillimh théis 18 nóiméad, d’fhreagair Ryan McAnespie agus Colin Walshe le cúilíní do Muineacháin.

Níor athraigh mórán sa tarna leath agus ní raibh leaids na Gaillimhe ábalta ach trí cúilíní a fháil, níor aimsíodar scór ar bith sa 24 nóiméad deireanach don cluiche.

Críochnaigh an cluiche ar scór dúbalta – Gaillimh 0-08     Muineacháin 0-16

Dé Satharn seo chughainn mar sin tabhairfidh Gaillimh aghaidh ar Baile Átha Cliath sa chéad Cluiche Leath Ceannais.