Bronnadh Dioplóma i nGaeilge ó Ollscoil na hÉireann Gaillimh ar Iasóin Scurlóg

0
1083
Bronnadh Dioplóma Gaeilge ar Iasóin Scurlóg - Galway Daily

Bronnadh Dioplóma i nGaeilge ar Iasóin Scurlóg, Dé hAoine seo chaite an 19ú Deireadh Fómhair.

Dé hAoine seo chaite an 19ú Deireadh Fómhair, in Ollscoil na hÉireann Gaillimh, bronnadh Dioplóma i nGaeilge ar Iasóin Scurlóg.

Dúirt Iasóin go raibh sé fíor bhródúil gur bronnadh Dioplóma i nGaeilge air mar go bhfuil áit speisialta ina chroí aige do chultúir agus teanga na hÉireann.

“Táim an bhródúil a rá gur fuair mé Dioplóma i nGaeilge. Ní chiallaíonn sin go bhfuil mé líofa i nGaeilge ach is bunús maith é,” a dúirt Iasóin agus lean sé leis.

“Tá súil agam a bheith líofa sa Ghaeilge lá breá éigin. Tá súil agus ceapaim go n-éiróidh liom mar go bhfuil díograis orm déanamh go maith agus níl eagla orm go dteipfidh mé.”

Deir Iasóin cé go bhfuil sé díograiseach faoin nGaeilge anois ní shin bun agus barr an scéal i gcónaí. Bhí an ghráin aige ar an nGaeilge agus é ag freastal ar scoil agus deir sé anois nach creidfidh a mhúinteoir meanscoile Gaeilge é dá mba rud go ndéarfadh sé gur fuair sé Dioplóma i nGaeilge. Deir sé gur athraigh a chuid tuairimí ar an nGaeilge théis ar thit sé i ngrá leis an teanga mar chonaic sé go raibh sí beo.

“Bhí a fhios agam nach bhfuil sí marbh mar chuala mé Gaeilge ar na sráideanna i nGaillimh agus nuair a choaic mé TG Lurgan ar YouTube, mo ghrá don Ghaeilge ‘Sky-Rocketed,’ a deir sé.

“Chonaic mé saol agus fola ár dteanga nuair a chuala mé físeáin ceoil ó Lurgan. Éistím leo ó lá go lá.

“Ba mhaith liom buíochas speisialta a glacadh le Máire Ní Chualáin agus an fhoireann ar fad in Áras na Gaeilge agus mo chairde a chabhraigh liom dul chomh fada seo.

“Níl aon teanga mar do theanga féin. Is féidir Gaeilge a fhoghlaim má thugann tú faoi. Tá an Ghaeilge Beo,” a chríochnaigh Iasóin.