Bród agus áthais, maraon le neart mothúcháin eile le braithint ag Céiliúradh Mór na Taibhdheirce

0
1102
Céiliúradh Mór na Taibhdheirce - Galway Daily

Oíche mór céiliúradh na Taibhdheirce tagtha agus cad é mar oíche a bhí ann aréir agus oíche anocht 27 Deireadh Fómhair fós le teacht.

Bród agus áthais, maraon le neart mothúcháin eile le braithint istigh sa téatar istoíche aréir agus chuile duine chomh sásta a bheith ann ag céiliúradh comóradh mór na Taibhdheirce agus í 90 bliain ar an bhfód.

Bunaíodh an Taibhdhearc ar an 27ú lá de Lúnasa 1928 agus aréir tháinig idir óg agus aosta, fir agus mná, buachaillí agus cailíní i dteannta a chéile chun na blianta díograiseach ar chaith chuile duine a bhí bainteach leis an Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, An Taibhdhearc, ón tús a chéiliúradh.

Bhí an téatar lán go barra agus sceitimíní ar chuile dhuine na léiriúchán uilig a bhí le bheith ar bun ar stáitse a fheiscint agus b’fhiú go mór é a bheith ann istoíche aréir agus mholfainn do dhuine ar bith freastal ar an ócáid istoíche anocht mar go raibh sé iontach ar fad.

Cé go raibh dearadh na seite simplí, bhí sí éifeachtach ag tarraingt isteach sna scéalta tú agus dhéanadar an úsáid as na fearais stáitse chun tú a mhealladh isteach sa scéal níos mó.

Tús spleodrach a bhí ag an comóradh istoíche aréir le léiriúchán de chuid Annie ar stáitse agus cad é mar cumas na h-aisteoireachta, agus amhránaíochta mar aon le saibhreas na Gaeilge a bhí ag na gasúir uilig a bhí páirt acu sa dhráma.

Bhaineas an taithneamh go deo as an cheoldhrámaíocht a bhí ann tríd na hoíche, bhí sé go hálainn ar fad agus thugas nóta den dath láidir corcra a bhí á chaitheamh acu anuas ar an dath dubh. Culaith simplí ach iontach ag an am chéanna.

Cheapas go raibh an chomhpháirtíocht idir Sorcha Ní Chéide agus Bríd Ní Neachtain an luachmhar go deo. Bhí sé soléir go raibh siad compordach go maith i dteannta a chéile agus go rabhadar in ann preabadh as a chéile go héasca. Aisteoirí proifisiúnta, mór le rá an bheirt acu agus iad ar fheabhas ar fad.

Chuile duine a bhí ar stáitse istoíche aréir thug siad achan rud a bhí iontu agus a thuilleadh leis chun léiriúchán den chéad scoth a thabhairt don lucht féachana ollmhór a tháinig le chéile chun 90 bliain do léiriúcháin, de dhrámaíocht agus den Ghaeilge a chéiliúradh.

Ó na gasúir óg a thosaigh an chéiliúradh dhúinn, go dtí an cór iontach a bhí ann, agus na haisteoirí uilig, Bríd Ní Neachtain, MacDara Ó Fátharta, Eoin Geoghegan, Sorcha Ní Chéide, Catherine Denning agus Séamus Mac Cuinneagáin, oíche iontach go deo a bhí ann.

Muna bhfuil faic ar bun agat istoíche anocht mholfainn go mór duit do mhála a chur fé d’ascaill agus an bóthar a bhuaileadh chuig an Sráid Lár áit a bhfuil An Taibhdhearc agus ticéid a fháil ionas go mbeadh tú féin in ann pháirt a ghlacadh ins an chéiliúradh mór do An Taibhdhearc agus í 90 bhliain ar oscailt.