6 Post imithe de bharr go bhfuil Beoir Chonamara ag stopadh an táirgíocht

0
909
Independent Brewing

Tá 6 post imithe anois de bharr go bhfuil Beoir Chonamara ag stopadh an táirgíocht.

Dúireadh nach mbeidh Beoir Chonamara (Independent Brewing) ag leanúint ar aghaidh leis an táirgíocht, d’á chuid beoir a thuilleadh.

Lonnaithe ins an Ceathrú Rua, i croí Chonamara, tá Independent Brewing ag trádáil ó Eanair 2014 agus ‘sé an t-aon grúdlann ceardaíochta sa Ghaeltacht Chonamara.

Ar Twitter níos luaithe inniu, d’fhág fear gnó áitiúl Mícheál Ó Cadhain stádas chomhbhrón faoi Beoir Chonamara ag stopadh leis an táirgíocht.

Labhair Micheál Ó Cadhain faoin éifeacht a bheidh ar Gaeltacht Chonamara de bharr seo.

“Is mór an trua atá agam dóibh. Rinne siad go leor don obair as lámh. Beidh sé deacair an bearna sin, beoir áitiúl déanta i gConamara a líonadh.”

Dúirt Ó Cadhain freisin gur buille ollmhór atá ann don thurasóireacht agus go bhfuil sé soiléir anois cé chomh deachair is atá sé gnó a bhunú, agus a coiméad ag rith nuair nach mbíonn na turasóirí ann.

“Buille mór go thurasóireachta Chonamara é. Taispeánann sé cé comh crua is atá sé gnóth a rith agus a bhunú agus brabús a dhéanamh leis an saol eacnamaíochta atá i gConamara. Tá sé deachair le comhlacht mór ar nós é seo agus é ag éirí as a gcuid ceird.

“Tá bialann agamsa agus go leoir táirgí aitiúl agam ann – b’shin cheann dos na rudaí, beoir áitiúl. Bhí na lipéidí ar na buidéal ar fad déanta fé lámh an slí cheart – ach d’éirigh sé as.

“Dúirt sé go raibh sé tinn dó. Níl a fhios agam ar b’shin é go díreach ach ní raibh an ceird ag íoc na billí -bíonn cíos ard.

“Taispeánann sé freisin go bhfuil an turasóireacht fíor thábhachtach agus go bhfuil an gnó turasóireacht séasúrach i gcónaí.

“Ó thaobh na turasóirí bhí sé ar nós fógra, lár na Gaeltachta, beoir áitiúla againn, iasc áitiúl, an Gaeilge agus Gaeltacht agus mar sin de agus ansin an chéad rud eile tá an beoir imithe.

“Is buille mór domsa mar gnó freisin é, mar caithfidh mé braith ar Galway Hooker, ach do bhí an Beoir Chonamara fíor áitiúl.

“Tagann daoine go Cill Chiarán, i lár na Gaeltachta agus iad ag iarraidh an Ghaeltacht a bhlaiseadh freisin. Cloisfidh siad an Gaeilge agus feicidís an saol atá sa Ghaeltacht.

“Tá sé difriúl le taobh amuigh den Ghaeltacht ar nós Gaillimh nó Baile Átha Cliath. Bhlaiseann siad an Ghaeltacht é féin agus gortóidh an buille seo faoi Bheoir Chonamara go mór é sin.”

Taréis ceithre bhliain ar an bhfód tá Beoir Chonamara (Independent Brewing) ag éirí as, buille throm do muintir na Gaeltachta ar fad, muintir Chonamara, na gnólachtaí áitiúla agus go háirithe an seisear atá taréis phost a chailliúnt.