Beidh Sraith 22 do Ros na Rún á críochnú anocht

0
818
Sraith 22 Ros na Rún Críochnaithe anocht

Beidh Sraith 22 do Ros na Rún ag teacht chun deireadh anocht agus ana chuid drámaíocht fógartha don chlár dheireanach don séasúr seo.

https://www.facebook.com/RosnaRun/videos/1709191432534326/

 

 

Beidh Sraith 22 do Ros na Rún ag imeacht ónár scáileán teilfíse don tsamhradh agus é ag críochnú anocht Déardaoin an 14ú Meitheamh.

Sobaldhráma é Ros na Rún a mbíonn á thaifead sa Sráidbhaile Gaeltachta ins an Spidéal atá lonnaithe i gConamara ar Slí an Atlantaigh. Is comhtháirgeadh idir EO Teilifís agus Léirithe Thír Eoghain é Ros na Rún le thart ar 160 duine fostaithe idir cliar agus criú.

Is sobal dráma é Ros na Rún a mbíonn ag plé leis na fadhbanna éagsúla a bhaineann leis an tuaithe maraon leis na fadhbanna ginearálta a bhaineann leis an saol.

Na téamaí is coitianta a bhaineann le na snáitheanna scéil ná grá, fadhbanna clainne, bréag, rún, srl.

Sraith fíor rathúil a bhí i gceist le Sraith a 22 agus í chun imeacht ónár scáileáin anocht ar feadh an tsamhraidh.

I mbliana bhí aoi speisialta ar chlár amháin agus é ag oscailt an Siopa XL. Bhí an amhránaí cáiliúl, ó Tír Chonaill, Daniel O’Donnell le feiscint ar Ros na Rún agus Gaeilge maith aige.

Cé go bhfuil Ros na Rún a críochnú anocht ar feadh an tsamhraidh beimid ag súil go mór leis an Seasúr nua agus na scéalta ar fad a bheas ullmhaithe acu do Sraith 23.

Beidh Ros na Rún ar siúl ag a 8.30 i.n anocht agus is féidir é a fheiscint ar an Seinnteoir TG4 freisin.