Tá an cúig fhear déag a bheas ag tosú don Ghaillimh san ath-imirt do Craobh Ceannais Laighean ainmnithe.
Théis ar críochnaigh Craobh Ceannais Laighean a bhí ar siúl i bPáirc an Crócaigh an tseachtain seo chaite ar chomhscór beidh an ath-imirt ar siúl Dé Domhnach an 8ú Iúil.
Caithfear an Craobh Ceannais Laighean a thabhairt chuig Staid Semple i dTurlas, Tiobrad Árann ar an Domhnach de bharr go bhfuil ceolchoirm Michael Bublé ar siúl i bPáirc an Crócaigh oíche Dé Satharn.
Tá leaids na Gaillimhe ag siúl go mbeidís ag tabhairt an Corn Bob’ O Keefe trasna na Sionnaine thar nais go dtí an Ghaillimh tráthnóna Dé Domhnach ach beidh orthu an bua a fháil ar na cait (Cill Chainnigh) ar dtús.
An céad 15 atá ainmnithe don ath-imirt Craobh Ceannais Laighean ná:
- James Skehill (Ceapach an tSeagail)
- Adrian Tuhoy (Beithe)
- Daithí de Búrca (An Turloch Mór)
- John Hanbury (Rathún – An Caisleán Nua)
- Padraic Mannion (Áth Eascrach – Fothaine)
- Gearoid McInerney (Órán Mór-Meáraí)
- Aidan Harte (Gort Inse Guaire)
- Johnny Coen (Baile Locha Riach)
- David de Búrca (Capt) (Naomh Thómais)
- Joseph Cooney (Na Sáirséalaigh)
- Joe Canning (Port Omna)
- Niall de Búrca (Órán Mór-Meáraí)
- Conor Whelan (Cinn Mhara)
- Conor Cooney (Naomh Thómais)
- Cathal Mannion (Áth Eascrach – Fothaine)
Beidh an ath-imirt don Craobh Laighean idir na cait (Cill Chainnigh) agus an Ghaillimh ar siúl ar an Domhnach seo i Staid Semple i dTurlas ag a 3.i.n.