Aoi Speisialta le bheith ar an chéad eagrán eile do Ros na Rún oíche amárach

0
860
Daniel O' Donnell - aoi Spesialta

Tá aoi speisialta le bheith ar an chéad eagrán eile do Ros na Rún a bheidh ar siúl oíche amárach an 3ú lá de Mí na Bhealtaine.

Beidh an aoi speisialta, an fear ceol ó Tír Chonaill, Daniel o’ Donnell le feiscint ins an chlár a bheas ar siúl oíche amárach ag a 8.30i.n. agus é ag oscailt an Siopa XL atá ag Vince le searmanas oifigiúil.

Ní strainséir é Daniel don teilifís ar chor ar bith mar go raibh sé páirteach i fógraíocht a raibh á rith ag Gas Networks Ireland chun chur in iúl do dhaoine go bhfuil sé mí shábháilte obair a thabhairt do dhuine nach bhfuil cláraithe chun obair a dhéanamh ar an fearais gáis

Théis a bheith ar an teilifís cheana féin i mbliana le ‘Room to Improve’ ar RTE 1 tá an deis ag an Conallach anois a chuid scileanna aisteoireacht a thaispéant dúinn óiche amárach.

Tá aithne fíor mhaith ag chuile duine ar Daniel agus a bhean chéile Majella, go háirithe de bharr a chuid ceol. Bíonn clú agus cáil ar Daniel go háirithe leo siúd atá níos sine, agus go minic deirtear go mbíonn na scuannaí ag fanacht leis théis a chuid seonna.

Dóibh siúd gur mian leo an fear é féin a fheiscint ar an teilifís oíche amárach ná déan dearmad, Ros na Rún a chuir ar siúl ag a 8.30i.n.

Is sobal dráma é Ros na Rún a bhíonn ag plé leis na fadhbanna éagsúla a bhianeann leis an tuaithe maraon leis na fadhbanna ginearálta a bhaineann leis an saol.

Na téamaí is cotianta a bhaineann le na snáitheanna scéil ná grá, fadhbanna clainne, bréag, rún, srl.

Tá an seit lonnaithe ins an Spidéal agus is féidir an t-aicsean ar fad a fheiscint chuile Dé Máirt agus Déardaoin ag a 8.30i.n. Bíonn an ollchlár ar siúl ansin chuile Domhnaigh ag a 7.30i.n.

Bígí ag faire amach do Daniel oíche amárach agus é ag taispéant a chuid scileanna aisteoireachta dúinn ar fad.