Aisteoirí Bulfin le ‘Dearmad na Fola’ sa Taibhdhearc

0
901
Aisteoirí Bulfin le Dearmad na Fola- Galway Daily

Dé Sathairn an 17ú Samhain chuirfidh an Taibhdhearc fáilte roimh Aisteoirí Bulfin le ‘Dearmad na Fola’.

Díríonn an drama ar an tsochaí, agus forbairt teicneolaíochta lenar féidir le comhlacht ‘cuimhne dhaona’ a cheannach.

Creideann taighdeoir amháin go bhfuil sí ag obair i dtreo leigheas a fháil ar iompar síceapatach, deirtear le taighdeoir eile go bhfuil príomhaidhm an taighde rúnda agus dainséarach..

Tá Aisteoirí Bulfin ar an ngrúpa is buaine agus is beoga i mbun na drámaíochta Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Rinne siad céiliúradh ar caoga bliain ar an bhfód anuraidh.

Is iad na léirithe is déanaí uathu ná – Lón Leningrad le Aodh Ó Domhnaill (2016) Crúchás le Celia de Fréine (2014); Cúirt an Mhean Oíche, cóiriú stáitse le Celia de Fréine ar dhán cáiliúl Brian Merriman (2015)

Tá 50 ticéad ar €5 don oíche speisialta agus níl ort ach fios a chur ar Dhíoloifig na Taibhdheirce ar 091-562024 no dul ar shuíomh na Taibhdheirce chun do thicéad a fháil.

Is iad 10r.n.- 5i.n. Luan go hAoine agus 12nóin-5i.n Dé Sathairn uaireanta oscailte na Díoloifige.