Conradh na Gaeilge cláraithe mar catharnacht ar Facebook.

0
861
Conradh na Gaeilge

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach na Gaeilge. Is eagraíocht neamhbhrabúsach atá inti agus cláraíodh an Conradh mar charthanacht ar Facebook an tseachtain seo caite.

Seo an chéad fheachtas thiomsú airgid ar son an Chonartha atá reachtáilte ar an árdán soisialta. Cuirfear an t-airgead i dtreo ghrúpaí pobail agus feachtais fheasachta don teanga fud fad na tíre.

Is Bainisteoir Achmhainní Daonna do Conradh na Gaeilge go náisiúnta é Seán Ó hAdhmaill agus é ag súil le cabhair a fháil uathu san gur mian leo tacaíocht a thabhairt don conradh.

Tá oifig ag Conradh na Gaeilge i nGaillimh, lonnaithe in Áras na nGael. Bíonn Peadar Mac Fhlannchadha san oifig sin ag plé le craobhacha áitiúla, sa gcathair agus i gConamara; Craobh Mhaigh Chuilinn agus Spraoi le Ceoil (imeachtaí teaghlaigh) ina measc.

Eagraíonn Conradh na Gaeigle campaí samhraidh agus imeachtaí eile sa gcathair ar bhonn rialta chomh maith le seirbhísí saor chomhairle dlí agus ranganna a chur ar fáil in Áras na nGael.

Ar an leathanach Facebook is féidir deontas airgid a thabhairt trí an cnaipe deontas a bhrú anseo.

Seo mar a labhair Seán Ó hAdhmaill maidir leis an feachtas atá ar mbun aige,

“A chairde Gaeil, má tá fonn ort tacú leis an gConradh seo bealach furasta sin a dhéanamh!

“Cuir do lámh i do phóca don chéad ghlúin eile, d’ár dteanga dúchas agus d’ár bpobal teanga!

“Ní neart go cuir le chéile,” a críochnaigh sé.

Is í príomhaidhm Conradh na Gaeilge ná an Gaeilge a athréimniú mar ghnátheanga na hÉireann.

Seo mar a críoch Seán Ó hAdhmaill agus é i mbun cainte maidir leis an feachtas atá ar bun aige,

“Is mé an Bainisteoir Acmhainní Daonna don eagraíocht go náisiúnta.

“Tá mo bhreithlá ag teacht aníos agus mhothaigh mé gur fiú an diúltachas a bhíonn ann faoin nGaeilge, go háirithe timpeall an tsamhraidh agus ábhar diúltach sna meáin a chasadh agus rud dearfach teacht as.”

Más mian leatsa cabhair agus tacaíocht a thabhairt do Seán ag bailiú an t-airgid seo i féidir deontas a dhéanamh ar líne anseo.

Faoi láthair tá €505 bailithe agus is féidir leatsa suim airgid a thabhairt trí an nasc seo a bhrú.