Aimsir Gleoite fógartha le leanúint léi ar feadh píosa eile

0
854
teocht ard fógartha don tseachtain - Galway Daily

Tá an aimsir gleoite fógartha le leanúint ar aghaidh ar feadh tamaillín eile agus Met Éireann théis stádas buí eile a fhógairt.

D’fhógair Met Éireann stádas buí le haghaidh teocht ard do ceithre contae déag, an Ghaillimh san áireamh agus aimsir gleoite againn le tamall anuas.

Tán stádas buí tugtha le teochtanna tuartha le bheith ag buaileadh thart ar 27 nó 28 céim celcias, aimsir gleoite dóibh siúd nach mbíonn ag obair nó atá ar saoire.

Táthar ag súil le coinníollacha ar nós triomach don tseachtain freisin de bharr an easpa báisteach agus mar nach bhfuil aon báisteach tuartha le titim go luath.

‘Siad na contaetha ar fad a tugtar an foláireamh maidir leis an stádas buí teochta do ná: Ceatharlach, Cill Dara, Cill Chainnigh, Laois, Longfairt, Uíbh Fhaillí, An Iarmhí, An Mhí, Gaillimh, Liatroim, Ros Comáin, An Chláir, Luimneach agus Tiobrad Árainn.

Is léir nach bhfuil deireadh an aimsir dheas ag teacht go luath ar aon nós ach tugtar an foláireamh do chuile duine a bheith sábháilte agus an uachtar gréine a chaitheamh má bhíonn sibh amuigh.