Aimsir Gleoite tuartha don seachtain seo ach bí sábháilte – a deireann Irish Water Safety.

0
1272
beach galway news high tide

Tá Irish Water Safety ag tabhairt foláireamh do chuile duine a bheith sábháilte agus iad ag baint taithneamh as an aimsir gleoite atá tuartha le teacht.

Bhí aimsir deas teo againn ag tús an mhí seo roimh ar tháinig an bháisteach agus an ghaoth an tseachtain seo chaite agus an tseachtain roimhe sin.

Buíochas le dia go bhfuil a thuilleadh aimsir gleoite tuartha don tseachtain seo agus tá Irish Water Safety ag tabhairt foláireamh do dhaoine a bheith cúramach san uisce agus mórthimpeall an uisce.

Mar seo a leanas seo chuid dos na threorlínte a thug Irish Water Safety ionas go mbeadh daoine sábháilte laistigh agus lasmuigh don uisce.

  • Snámh sa doimhneacht atá oiriúnach duitse agus fan sa doimhneacht sin.
  • Bígí ag snámh in áiteanna atá gardaí tarrthála ar dualgas.
  • Is breá leis na leanaí an t-uisce so caithfear feitheoireacht a dhéanamh orthu.
  • Fan amach ós na faobhair.
  • Caith culaith uisce muna bhfuil tú compórdach leis an uisce fuar.
  • Úsáid an eolas áitiúl chun fios a bheith agat ar na h-áiteanna dainséarach agus na h-áiteanna is sábháilte chun snámh.
  • Bíodh seaicéad tarrthála á caitheamh agat i gcónaí nuair atá tú san uisce nó in aice an uisce.
  • Is toisc 1/3 do chuid báigh é an alcól. Ná measc é le gluaiseachtaí uisce.

Comh maith le sin thug Irish Water Safety eolas dóibh siúd a mbeidh ar an tráigh ar cad ba chóir a dhéanamh má fheiceann tú duine éigin atá ag streachailt.

  1. Screadaíl amach don duine atá ag streachailt agus déan iarracht iad a mhealladh chuig an cladaigh.
  2. Síneadh amach le rud éigin fada ar nós géag nó píosa éadach ach ná téar isteach san uisce tú féin.
  3. Caith baoith isteach agus cuir glaoch ar 112 le haghaidh an garda cósta.

Beidh chuile tráigh sa Ghaillimh lán do dhaoine an tseachtain seo agus iad ag iarraidh gach píosa den aimsir gleoite seo a thógaint isteach. Mar sin iarrtar ar chuile duine an comhairle a thug Irish Water Safety a leanúint agus a bheith sábháilte agus sibh ag baint taithneamh as an ghrian.