Agóid eagraithe ag Glór na Tuaithe maidir le dúnadh Oifig an Phoist

0
1027
Galway Daily news Dáil Committe to discuss closure of rural post offices

Tá agóid eagraithe do maidin amárach ag Glór na Tuaithe, maidir le dúnadh an 159 Oifig an Phoist mórthimpeall na tíre.

Beidh an agóid seo ag tárlú ag Scoil Phobail An Chlocháin ag a 11r.n. áit a bheas an Taoiseach Leo Varadkar ag oscailt an méanscoil nua a bhí an phobal ag feachtasaíocht dó ar feadh na mblianta.

Bhunaíodh an mean scoil nua ins An Clochán anuraidh agus bhog na scoláirí agus an foireann ar fad isteach sa foirgneamh nua i Mí Dheireadh Fomhair seo chaite agus scartáileadh an sean-foirgneamh taobh thiar dóibh.

Freastalaíonn an scoil ar scoláirí ó Iarthar Conamara, ag síneadh ón Caiseal agus Maam go Baile Uí Chonaíle, Rinn Mhaoile agus Inis Bó Finne.

Beidh an agóid atá eagraithe d’amárach ag tosú thart ar a 11r.n fad is a bheidh an Taoiseach Leo Varadkar ag tabhairt fé na dualgaisí ata aige agus é ag oscailt an Méan Scoil nua.

S’iad Glór na Tuaithe a d’eagraidh an agóid seo agus iad ag iarraidh thaispeáint don Taoiseach cé chomh feargach agus míshásta atáid maidir leis an dúnadh dos na 159 Oifig an Phoist mórthimpeall na hÉireann.

Don chuid is mó is i tuaithe na hÉireann atá na hOifig an Phoist ag dúnadh rud a dhéanann an saol níos deacra ar na seandaoine a bheadh ag bailiú an pinsean agus na daoine óga a bheadh ag bailiú an dól.

Tá Glór na Tuaithe ag impí ar muintir na Gaeltachta, agus muintir Conamara teacht amach amárach agus tacaíocht a thabhairt dóibh leis an agóid.