Achanaí ar líne chun Oifig an Phoist san Indreabhán a choimeád ar oscailt

0
878
achainí ar líne chun oifig an phoist in Indreabhán a choimeád ar oscailt.

Tá achanaí tosnaithe ar líne ag Pobal Indreabhán agus iad ag iarraidh an Oifig an Phoist atá in Indreabhán a choimeád ar oscailt.

Fógraíodh le déanaí go bhfuil thart ar 110 oifig an phoist mórthimpeall na tíre a d’fhéadfadh a dhúnadh faoi scéim iomarcaíochta de chuid An Post.

Tá sé fógartha nach bhfuil suim ag An Post leanúint ar aghaidh leis na seirbhísí in Indreabháin agus dá bharr sin thosaigh Pobal Indreabhán achanaí ar líne agus iad ag iarraidh an Oifig an Phoist atá sa cheantar a chosaint.

Seo mar a dúradar,

“Tá sé ar intinn ag an An Post gan an chonradh don Oifig an Phoist in Indreabhán a athnuachan agus í a dhúnadh go luath.

“Is croílár an phobail í an Oifig an Phoist, go mórmhór le haghaidh seandaoine agus daoine sa phobal le lagchuidiú.

“Beidh seirbhísí ar nós do phinsean agus íocaíochta leasa a tharraingt, billí a íoc, post a sheoladh, airgead a chur isteach is a thógáil amach as chúntaisí bainc mar chuid de na seirbhísí a bheas caillte ag an bpobal má leantar leis an ndúnadh seo.

“Beidh ar muintir na háite Oifigí an Phoist eile a úsáid – an ceann is gaire dóibh lonnaithe níos mó ná 5km uathu agus atá faoi bhrú ó thaobh acmhainní cheana féin.

“Beidh sé do-dhéanta ag daoine ata ag braith ar Bus Éireann, taistil chuig na hoifigí seo agus d’fhéadfadh turas de chúpla uair a chloig a bheith curtha orthu dá bharr”.

Tá Pobal Indreabhán ag impí oraibh an achainí seo a shíniú ionas go mbeidís ábalta an cinneadh atá déanta ag An Post a athrú láithreach.

Is féidir brú ar an nasc seo chun do shiniú a chur ar an achainí.