Tá sé fógartha ag an Bord Oideachais agus Oilúna na Gaillimhe agus Ros Comáin go bhfuil postanna múinteoireachta ar fáil i nGaillimh.
Cuirfidh an Bord Oideachais agus Oilúna na Gaillimhe agus Ros Comáin fáilte roimh iarratais ó dhaoine atá cáilithe go cuí ar na poist mhúinteoireachta seo a leanas, a d’fhéadfadh a bheith i gceist sa scoilbhliain 2018/2019.
Tá na ceapacháin seo faoi réir fhaomhadh na Roinne Oideachais agus Scileanna agus Stiúrthóir na Scéime Ath-Imlonnaithe.
Is ar conradh Lánaimseartha/Pro-Rata & Páirtaimseartha a bheas na postanna seo.
Seo a leanas liosta dos na scoileanna i nGaillimh atá ar thóir múinteoirí faoi láthair.
Coláiste Pobail na Gaillimhe, Móinín na gCiseach: (Athfhógairt)
GA18 – 108 Múinteoir Tacaíochta Foghlama Iarscoile (7.6 uair – Saoire Mháithreachais – Samhain 2018))
GA18 – 109 Béarla Cumarsáid & Riachtanais Speisialta Oideachais (22 uair, Saoire mháithreachais = 03/12/2018)
GA18 – 110 Corpoideachas & Múinteoir Tacaíochta Iompraíochta (10 n-uair an chloig, Saoire mháithreachais – 03/12/2018)
Coláiste an Ard-Easpaig, Mhic Éil, Tuaim, Co. na Gaillimhe
GR18 – 111 Béarla (16 uair, Saoire mháithreachais – 09/12/2018)
GR18 – 112 Matamaitic (22 uair, Saoire mháithreachais – 03/12/2018) (Páirtaimseartha Prorata – 05/11/2018 – 31/05/2019)
GR18 – 113 Gearmáinis (22 uair, saoire mháithreachais – 03/12/2018)
Coláiste Chilleáin Naofa, An Cnoc Breac, Béal Átha na Sluaighe, Co. na Gaillimhe:
GR18- 114 Fraincís (18 uair an chloig – saoire mháithreachais – 3/12/18)
Institiúid Theicniúil na Gaillimhe (GTI), Bóthar an Athar Uí Ghríofa, Gaillimh:
GR18 – 115 Staidéar Altranais (11 uair – saoire mháithreachais – 9/11/18) (Athfhógairt)
GR18 – 116 Mata agus QQI (suas go dtí 11 uair – páirtaimseartha – Samhain 2018) (Athfhógairt)
GR18 – 117 Eolaíocht/Cothú/Suathaireacht Spóirt (suas go 22 uair an chloig, Clúdach Páirtaimseartha, ag tosú Samhain 2018)
Coláiste an Chláirín, Caheroyan Road, Gorteenacra, Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe
GR18 – 118 Gaeilge (22 uair, Saoire mháithreachais)
Coláiste Bhaile Chláir, Baile Chláir, Co. na Gaillimhe (Athfhógairt)
GR18 – 120 Mata (Saoire mháithreachais – 3/12/2018 – 31/05/2019)
GR18 – 120 Mata & Tacaíocht Foghlama (Saoire mháithreachais – 22 uair)
GR18 – 122 Eacnamaíocht Bhaile (Saoire mháithreachais)
Ógtheagmháil Thuama, Teach na hÉireann, Bóthar Bhaile Átha Ghad, Tuaim, Co. na Gaillimhe
GR18 – 126 Gaeilge (22 uair, Saoire mháithreachais 11/2018 – 25/05/2019) (Athfhógairt)
Coláiste Naomh Éinne, Cill Rónáin, Oileáin Árann, Co. na Gaillimhe: {Teagasc trí mheán na Gaeilge} (Athfhógairt)
GR18 – 127 Obair Mhiotail (Páirtaimseartha Pro rata)
Coláiste na Coiribe, Cnoc na Cathrach, Gaillimh {Teagasc trí mheán na Gaeilge}
GR18 – 128 Múinteoir Gnó, Fiontraíocht, Mata (21.3 uair – saoire mháithreachais)
Coláiste Mhuirlinne, Bóthar Dhabhach Uisce, Gaillimh
GR18 – 129 Múinteoir Acmhainne – Béarla (B’fhéidir Matamaitic fresin) (22 uair – 03/12/18)
Is féidir tuilleadh eolas faoi na postanna ar fad atá ar fáil i nGaillimh a fháil anseo agus tugtar an t-eolas faoi conas chur isteach ar an bpost ag an nasc chéanna.